+Airteagal 54 1.

Airteagal 54 1.

Forálfaidh gach Ballstát le dlí do gach ceann den mhéid seo a leanas:

(a) 

bunú gach údaráis maoirseachta;

(b) 

cáilíochtaí agus coinníollacha incháilitheachta atá riachtanach le bheith ceaptha mar chomhalta de gach údarás maoirseachta;

(c) 

na rialacha agus na nósanna imeachta chun comhalta nó comhaltaí gach údaráis maoirseachta a cheapadh;

(d) 

fad an téarma do chomhalta nó comhaltaí gach údaráis maoirseachta, téarma nach lú ná ceithre bliana, seachas i gcás an chéad cheapacháin tar éis an 24 Bealtaine 2016, ar féidir tréimhse níos giorra a bheith i gceist le cuid de sa chás inar gá sin chun neamhspleáchas an údaráis maoirseachta a chosaint trí nós imeachta ceapacháin a bheidh agaithe;

(e) 

cé acu atá nó nach bhfuil comhalta nó comhaltaí gach údaráis maoirseachta incháilithe lena n-athcheapadh agus, i gcás ina bhfuil, líon na dtéarmaí athcheapacháin; agus

(f) 

na coinníollacha lena rialaítear oibleagáidí comhalta nó comhaltaí agus foireann gach údaráis maoirseachta, toirmisc ar ghníomhaíochtaí, agus gairmeacha beatha agus sochair nach bhfuil ag luí leis na hoibleagáidí sin le linn an téarma oifige agus ina dhiaidh agus rialacha lena rialaítear scor fostaíochta.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas