|
+Airteagal 3 5. |
Airteagal 3 5.Féadfaidh an gnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige, in éineacht lena fhógra, argóintí a bhfuil bunús sách láidir leo a chur i láthair chun a léiriú, go heisceachtúil, cé go sásaíonn sé na tairseacha go léir i mír 2, de bharr na n-imthosca ina n-oibríonn an chroísheirbhís ardáin ábhartha, nach sásaíonn sé na riachtanais atá liostaithe i mír 1. I gcás go measann an Coimisiún nach bhfuil bunús leordhóthanach leis na hargóintí a chuir an gnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige faoina bhráid de bhun na chéad fomhíre toisc nach dtarraingíonn sé amhras go follasach ar na toimhdí a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo, féadfaidh sé diúltú do na hargóintí sin laistigh den teorainn ama dá dtagraítear i mír 4, gan an nós imeacht a leagtar amach in Airteagal 17(3) a chur i bhfeidhm. I gcás go gcuireann an gnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige argóintí den sórt sin a bhfuil bunús leordhóthanach leo ina dtarraingítear amhras go follasach ar na toimhdí i mír 2 den Airteagal seo, féadfaidh an Coimisiún, in ainneoin na chéad fhomhíre den mhír seo, laistigh den teorainn ama dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 17(3) a oscailt. Má mheasann an Coimisiún nach raibh an gnóthas a bhfuil croísheirbhís ardáin á soláthar aige in ann a léiriú nach sásaíonn na croísheirbhísí ardáin a sholáthraíonn sé riachtanais mhír 1 den Airteagal seo, ainmneoidh sé an gnóthas sin mar gheatóir i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 17(3). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|