|
+Airteagal 3 8. |
Airteagal 3 8.Sainaithneoidh an Coimisiún mar gheatóir, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 17, aon ghnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige, a chomhlíonann gach ceann de cheanglais mhír 1 den Airteagal seo, ach nach sásaíonn gach ceann de na tairseacha i mír 2 den Airteagal seo. Chun na críche sin, cuirfidh an Coimisiún cuid de na heilimintí seo a leanas nó iad go léir san áireamh, sa mhéid is go bhfuil siad ábhartha don ghnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige atá á bhreithniú:
(a)
méid, lena n-áirítear láimhdeachas agus caipitliú margaidh, oibríochtaí agus suíomh an ghnóthais sin;
(b)
an líon úsáideoirí gnó a úsáideann an chroísheirbhís ardáin chun rochtain a fháil ar úsáideoirí deiridh agus líon na n-úsáideoirí deiridh;
(c)
éifeachtaí líonra agus buntáistí sonraíbhunaithe, go háirithe maidir le rochtain an ghnóthais ar shonraí pearsanta agus neamhphearsanta, agus iad a bheith á mbailiú aige, nó cumas anailísíochta an ghnóthais;
(d)
éifeachtaí scála agus raon feidhme ar bith a mbaineann an gnóthas tairbhe astu, lena n-áirítear maidir le sonraí, agus, i gcás inarb ábhartha, maidir lena ghníomhaíochtaí lasmuigh den Aontas;
(e)
úsáideoirí gnó nó úsáideoirí deiridh a bheith glasáilte isteach, lena n-áirítear costais ar athrú a dhéanamh agus claontacht iompraíochta a chuireann isteach ar chumas úsáideoirí gnó agus úsáideoirí deiridh athrú nó ilfhrithing a dhéanamh;
(f)
struchtúr corparáideach ilchuideachta nó comhtháthú ceartingearach an ghnóthais sin, mar shampla, a chuireann ar chumas an ghnóthais sin tras-fhóirdheonú a dhéanamh, chun sonraí ó fhoinsí éagsúla a chomhcheangal, nó chun a sheasamh a ghiaráil; nó
(g)
saintréithe struchtúracha eile gnó nó seirbhíse. Agus a mheasúnú á dhéanamh aige faoin mír seo, cuirfidh an Coimisiún san áireamh forbairtí intuartha maidir leis na gnéithe a liostaítear sa dara fomhír, lena n-áirítear aon chomhchruinnithe pleanáilte lena mbaineann gnóthas eile a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige nó seirbhísí eile á soláthar aige san earnáil dhigiteach nó a chumasaíonn sonraí a bhailiú. I gcás nach sásaíonn gnóthas a bhfuil croísheirbhís ardáin á soláthar aige tairseacha cainníochtúla mhír 2, go ndéanann sé na bearta imscrúdaitheacha arna n-ordú ag an gCoimisiún a neamhchomhlíonadh ar bhealach suntasach, agus ina leanann an neamhchomhlíonadh sin ar aghaidh i ndiaidh don ghnóthas sin cuireadh a fháil comhlíonadh a dhéanamh laistigh de theorainn ama réasúnta agus tuairimí a chur isteach, féadfaidh an Coimisiún an gnóthas sin a ainmniú mar gheatóir bunaithe ar na fíorais atá ar fáil don Choimisiún. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|