+Airteagal 6 4.

Airteagal 6 4.

Ceadóidh agus cumasóidh an geatóir go teicniúil feidhmchláir bogearraí ó thríú páirtí nó ó shiopaí feidhmchlár bogearraí a shuiteáil agus a úsáid go héifeachtach agus iad ag úsáid chórais oibriúcháin an gheatóra sin, nó ag idiroibriú lena chóras oibriúcháin, agus ceadóidh sé rochtain a fháil ar na feidhmchláir bogearraí nó ar na siopaí feidhmchlár bogearraí sin ar bhealaí eile seachas trí chroísheirbhísí ardáin ábhartha an gheatóra sin. Ní choiscfidh an geatóir, i gcás inarb infheidhme, ar fheidhmchláir bogearraí tríú páirtí íoslódáilte, ná ar shiopaí feidhmchlár bogearraí, a iarraidh ar úsáideoirí deiridh a chinneadh cé acu atá siad ag iarraidh an feidhmchlár bogearraí íoslódáilte sin nó an siopa feidhmchlár bogearraí sin a bheith mar réamhshocrú acu nó nach bhfuil. Cumasóidh an geatóir go teicniúil úsáideoirí deiridh a chinneann an feidhmchlár bogearraí íoslódáilte nó an siopa feidhmchlár bogearraí sin a bheith mar réamhshocrú acu chun an t-athrú sin a dhéanamh go héasca.

Ní bheidh cosc ar an ngeatóir bearta a dhéanamh, ar choinníoll nach rachaidh siad níos faide ná mar atá fíor-riachtanach agus comhréireach, lena áirithiú nach gcuirfidh feidhmchláir bogearraí nó siopaí feidhmchlár bogearraí ó thríú páirtithe sláine na gcrua-earraí nó an chórais oibriúcháin atá á sholáthar ag an ngeatóir i mbaol, ar choinníoll go dtugann an geatóir údar cuí le bearta comhréireacha den sórt sin.

Anuas air sin, ní choiscfear ar an ngeatóir bearta agus socruithe, seachas réamhshocruithe, a chur i bhfeidhm, ar choinníoll go bhfuil siad fíor-riachtanach agus comhréireach, lena gcuirfear ar chumas úsáideoirí deiridh slándáil a chosaint go héifeachtach maidir le feidhmchláir bogearraí tríú páirtí nó siopaí feidhmchlár bogearraí, ar choinníoll go dtugann an geatóir údar cuí leis na bearta agus socruithe seachas na réamhshocruithe.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas