+Airteagal 6 10.

Airteagal 6 10.

Soláthróidh an geatóir, saor in aisce, d’úsáideoirí gnó agus do thríú páirtithe atá údaraithe ag úsáideoir gnó, arna iarraidh sin dóibh, rochtain éifeachtach, ardcháilíochta, leanúnach agus fíor-ama ar shonraí comhiomlánaithe nó neamh-chomhiomlánaithe, lena n-áirítear sonraí pearsanta, chomh maith le húsáid na sonraí sin, ar sonraí iad a sholáthraítear nó a ghintear i gcomhthéacs úsáid a bheith á baint as na croísheirbhísí ábhartha ardáin, nó as seirbhísí arna soláthar in éineacht leis na croísheirbhísí ábhartha ardáin nó mar thaca leo ag na húsáideoirí gnó sin agus ag na húsáideoirí deiridh a bhíonn ag plé leis na táirgí nó na seirbhísí arna soláthar ag na húsáideoirí gnó sin. Maidir le sonraí pearsanta, ní dhéanfaidh an geatóir rochtain ar shonraí pearsanta agus úsáid na sonraí sin a sholáthar ach amháin i gcás ina bhfuil na sonraí sin nasctha go díreach leis an úsáid atá á feidhmiú ag na húsáideoirí deiridhmaidir leis na táirgí nó na seirbhísí atá á dtairiscint ag an úsáideoir gnó ábhartha tríd an gcroísheirbhís ardáin ábhartha, agus nuair a roghnaíonn na húsáideoirí deiridhcomhroinnt den sórt sin a dhéanamh trí thoiliú léi.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas