+Airteagal 30 5.

Airteagal 30 5.

I gcás ina ngearrtar fíneáil ar chomhlachas gnóthas agus láimhdeachas domhanda a chuid comhaltaí á chur san áireamh agus nach comhlachas sócmhainneach é an comhlachas sin, beidh sé de dhualgas air ranníocaíochtaí a iarraidh óna chuid comhaltaí chun méid na fíneála a chumhdach.

I gcás nár íocadh ranníocaíochtaí den sórt sin leis an gcomhlachas gnóthas laistigh de theorainn ama arna socrú ag an gCoimisiún, féadfaidh an Coimisiún a chur de cheangal go ndéanfaidh ceann ar bith de na gnóthais a raibh a gcuid ionadaithe ina gcomhaltaí de chomhlachtaí cinnteoireachta an chomhlachais sin lena mbaineann an fhíneáil a íoc go díreach.

I ndiaidh a chur de cheangal go ndéanfaí íocaíocht i gcomhréir leis an dara fomhír, féadfaidh an Coimisiún a chur de cheangal ar chomhaltaí ar bith den chomhlachas gnóthas an fuílleach a íoc, i gcás inar gá a dhéanamh amhlaidh chun íocaíocht iomlán na fíneála a áirithiú.

Ní chuirfidh an Coimisiún de cheangal, áfach, go ndéanfaí íocaíocht ó ghnóthais, de bhun an dara agus an tríú fomhír, ar gnóthais iad a thaispeánann nár chuir siad cinneadh chomhlachas na ngnóthas a sháraigh an Rialachán sin chun feidhme, agus nárbh eol dóibh é a bheith ann nó gur dhealaigh siad iad féin go gníomhach uaidh sular thionscain an Coimisiún imeachtaí faoi Airteagal 20.

Ní rachaidh dliteanas airgeadais gach gnóthais maidir le híocaíocht na fíneála thar 20 % dá láimhdeachas domhanda iomlán sa bhliain airgeadais roimhe sin.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas