+Airteagal 208 3a.

Airteagal 208 3a.

Féadfaidh institiúidí faireachán a dhéanamh ar luach na réadmhaoine dochorraithe agus an réadmhaoin dhochorraithe a bhfuil athluacháil de dhíth uirthi a shainaithint, i gcomhréir le mír 3, trí bhíthin ardmhodhanna staidrimh nó modhanna matamaiticiúla eile (“samhlacha”), ar choinníoll go bhforbraítear na modhanna sin go neamhspleách ar an bpróiseas cinnteoireachta creidmheasa agus go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a) 

leagann na hinstitiúidí amach, ina mbeartais agus nósanna imeachta, na critéir le haghaidh samhlacha a úsáid chun faireachán a dhéanamh ar luachanna comhthaobhachta agus chun an réadmhaoin ar cheart athluacháil a dhéanamh uirthi a shainaithint; tabharfar cuntas sna beartais agus nósanna imeachta sin ar chuntas teiste cruthaithe na samhlacha sin, ar athróga measta a bhaineann go sonrach le maoin ar leith, ar an úsáid a baineadh as an méid íosta faisnéise beaichte a bhí ar fáil, agus ar éiginnteacht na samhlacha;

(b) 

áirithíonn na hinstitiúidí go mbeidh na samhlacha a úsáidfear:

(i) 

sonrach ó thaobh réadmhaoine agus áite ar leibhéal leordhóthanach gráinneachta;

(ii) 

bailí agus beacht, agus faoi réir cúltástáil stóinseach rialta i gcoinne na bpraghsanna idirbhirt iarbhír a bhreathnaítear;

(iii) 

bunaithe ar shampla atá mór agus ionadaíoch go leordhóthanach, bunaithe ar phraghsanna idirbhirt a bhreathnaítear;

(iv) 

bunaithe ar shonraí ardcháilíochta cothrom le dáta;

(c) 

is iad na hinstitiúidí atá freagrach ar deireadh as oiriúnacht agus feidhmíocht na samhlacha;

(d) 

áirithíonn na hinstitiúidí go mbeidh doiciméadacht na samhlacha cothrom le dáta;

(e) 

tá próisis, córais agus acmhainneachtaí TF leormhaithe i bhfeidhm ag na hinstitiúidí agus tá sonraí beachta leordhóthanacha acu le haghaidh aon fhaireachán shamhailbhunaithe ar luach comhthaobhachta réadmhaoine agus sainaithint réadmhaoine dochorraithe ar gá athluacháil a dhéanamh orthu;

(f) 

déantar na meastacháin ar shamhlacha a bhailíochtú go neamhspleách agus tá an próiseas bailíochtaithe comhsheasmhach go ginearálta leis na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 185, i gcás inarb infheidhme.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas