Is éard a bheidh sna fachtóirí
►C12
riosca
◄ deilte a bhíonn le cur i bhfeidhm ag institiúidí maidir le hionstraimí atá íogair ar thráchtearraí ná na spotphraghsanna tráchtearraí uile de réir cineáil tráchtearra agus de réir gach ceann de na haibíochtaí seo a leanas: 0,25 bliain, 0,5 bliain, 1 bhliain, 2 bhliain, 3 bliana, 5 bliana, 10 mbliana, 15 bliana, 20 bliain, 30 bliain. Ní dhéanfaidh institiúidí ach dhá phraghas tráchtearraí den chineál tráchtearra céanna, a bhfuil an aibíocht chéanna aige, a mheas mar an fachtóir
►C12
riosca
◄ céanna i gcás inarb ionann an tacar téarmaí dlíthiúla maidir le suíomh a seachadta.