+Airteagal 383 1.

Airteagal 383 1.

Deonóidh an t-údarás inniúil cead d’institiúid a ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca CVA le haghaidh punann idirbheart le contrapháirtí amháin nó níos mó agus úsáid á baint as an gcur chuige caighdeánaithe i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, tar éis measúnú a dhéanamh ar cibé a chomhlíonann, nó nach gcomhlíonann, an institiúid na ceanglais seo a leanas:

(a) 

tá aonad ar leith bunaithe ag an institiúid a bhfuil freagracht air as bainistíocht riosca fhoriomlán agus fálú riosca CVA na hinstitiúide;

(b) 

maidir le gach contrapháirtí lena mbaineann, tá samhail rialála CVA forbartha ag an institiúid chun CVA an chontrapháirtí sin a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 383a;

(c) 

maidir le gach contrapháirtí lena mbaineann, tá an institiúid in ann a ríomh, ar bhonn míosúil ar a laghad, íogaireachtaí a CVA i ndáil leis na fachtóirí riosca lena mbaineann mar a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 383b iad;

(d) 

maidir le gach suíomh i bhfáluithe incháilithe a aithnítear i gcomhréir le hAirteagal 386 chun na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA a ríomh ag úsáid an chur chuige chaighdeánaithe, tá an institiúid in ann a ríomh, ar bhonn míosúil ar a laghad, íogaireachtaí na suíomhanna sin i ndáil leis na fachtóirí riosca ábhartha arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 383b;

(e) 

tá aonad rialaithe riosca bunaithe ag an institiúid, atá neamhspleách ar aonaid trádála gnó agus ar an aonad dá dtagraítear i bpointe (a) agus a thuairiscíonn go díreach don chomhlacht bainistíochta; beidh an t-aonad rialaithe riosca sin freagrach as an gcur chuige caighdeánaithe a dhearadh agus a chur chun feidhme agus déanfaidh sé tuarascálacha míosúla a ullmhú agus a anailísiú maidir le haschur an chur chuige sin agus, thairis sin, déanfaidh an t-aonad rialaithe riosca measúnú ar oiriúnacht theorainneacha trádála na hinstitiúide agus cuirfidh sé torthaí an mheasúnaithe sin san áireamh ina thuarascálacha míosúla; beidh líon foirne leordhóthanach ag an aonad rialaithe riosca ag a bhfuil an leibhéal scileanna is iomchuí maidir lena chuspóir a chomhlíonadh.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (c), den mhír seo, is é a chiallaíonn íogaireacht CVA contrapháirtí i ndáil le fachtóir riosca ná an t-athrú cóimheasa ar luach CVA, mar thoradh ar athrú ar luach aon cheann d’fhachtóirí riosca ábhartha CVA, arna ríomh ag úsáid shamhail CVA na hinstitiúide i gcomhréir le hAirteagail 383i agus 383j.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (d), den mhír seo is é a chiallaíonn íogaireacht suímh i bhfálú incháilithe i ndáil le fachtóir riosca ná an t-athrú cóimheasa ar luach an tsuímh sin, mar thoradh ar athrú ar luach aon cheann d’fhachtóirí riosca ábhartha an tsuímh sin, arna ríomh ag úsáid shamhail phraghsála na hinstitiúide i gcomhréir le hAirteagail 383i agus 383j.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas