|
+Airteagal 428az 2. |
Airteagal 428az 2.Cuirfidh institiúidí fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 100 % i bhfeidhm ar an difríocht, más difríocht dhearfach, idir suim na luachanna córa feadh gach tacar glanluachála a bhfuil luach cóir dearfach acu agus suim na luachanna córa feadh gach tacar glanluachála a bhfuil luach cóir diúltach acu arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 428d. Beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas maidir leis an ríomh dá dtagraítear sa chéad fhomhír:
(a)
bainfear an corrlach athrúcháin a gheobhaidh institiúidí óna gcontrapháirtithe ón luach cóir tacair glanluachála a bhfuil luach cóir deimhneach aige i gcás ina gcáileoidh an chomhthaobhacht a gheofar mar chorrlach athrúcháin mar shócmhainn leibhéal 1 de bhun an ghnímh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), cé is moite de bhannaí faoi chumhdach fíor-ardchaighdeáin a shonraítear sa ghníomh tarmligthe sin, agus i gcás ina bhfuil an teideal dlí agus an cumas oibríochtúil ag institiúidí an chomhthaobhacht sin a athúsáid;
(b)
bainfear an corrlach uile athrúcháin a bhreacfaidh institiúidí dá gcontrapháirtithe as luach cóir tacair glanluachála a bhfuil luach cóir diúltach aige. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|