+Airteagal 430 6.

Airteagal 430 6.

Cuirfear na ceanglais tuairiscithe a leagtar síos san Airteagal seo i bhfeidhm maidir le hinstitiúidí ar bhealach comhréireach agus aird á tabhairt ar an tuairisc dá dtagraítear i mír 8, ag féachaint do mhéid na n-institiúidí, do chastacht agus do chineál agus do leibhéal ►C12  riosca ◄ na ngníomhaíochtaí atá acu.
►M17

Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun na formáidí aonfhoirmeacha tuairiscithe, minicíocht agus dátaí an tuairiscithe, chomh maith leis na sainmhínithe, a shonrú, agus forbróidh sé réitigh TF, lena n-áirítear teimpléid tuairiscithe agus treoracha le haghaidh an tuairiscithe dá dtagraítear i míreanna 1 go 4.

 ◄

Aon cheanglais nua i ndáil le tuairisciú a leagtar amach i ndréachtchaighdeáin theicniúla den sort sin infheidhme níos luaithe ná sé mhí ón dáta a dtiocfaidh siad i bhfeidhm.

Chun críocha mhír 2, sonrófar sna dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme cé acu na comhpháirteanna den chóimheas luamhánaithe a dhéanfar a thuairisciú agus úsáid á baint as luachanna dheireadh an lae nó dheireadh na míosa. Chun na críche sin, tabharfaidh ÚBE aird ar an dá ghné seo a leanas:

(a) 

a shoghabhála a bheadh comhpháirt i leith laghduithe suntasacha sealadacha i líon na n-idirbheart a d'fhágfadh gannionadaíocht ar an ►C12  riosca ◄ l luamhánaithe iomarcaigh ar dháta an tuairiscithe tagartha;

(b) 

forbairtí agus torthaí ar an leibhéal idirnáisiúnta.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa mhír seo faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Meitheamh 2021, cé is moite de na cinn a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

(a) 

an cóimheas luamhánaithe, a chuirfear faoina bhráid faoin 28 Meitheamh 2020;

(b) 

na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 92a agus in Airteagal 92b, a chuirfear faoina bhráid faoin 28 Meitheamh 2020;

(c) 

neamhchosaintí ar CSR, a chuirfear faoina bhráid faoin 10 Iúil 2025.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas