+Airteagal 46 6.

Airteagal 46 6.

Féadfaidh na húdaráis inniúla, de chomhthoil, na critéir dá dtagraítear i míreanna 3, 4, agus 5 a tharscaoileadh i gcás nárbh iomchuí a gcur i bhfeidhm don mhaoirseacht éifeachtach ar bhonn comhdhlúite nó don mhaoirseacht ar chomhlíonadh na tástála caipitil grúpa, agus na gnólachtaí infheistíochta lena mbaineann agus a thábhachtaí atá a ngníomhaíochtaí sna Ballstáit ábhartha á gcur san áireamh acu, agus féadfaidh siad freisin údarás inniúil difriúil a ainmniú chun maoirseacht a dhéanamh ar bhonn comhdhlúite nó maoirseacht ar chomhlíonadh na tástála caipitil grúpa. Sna cásanna sin, déanfaidh na húdaráis inniúla, sula nglacfaidh siad aon chinneadh den sórt sin, deis a thabhairt, mar is iomchuí, don mháthairchuideachta sealbhaíochta infheistíochta Aontais nó don mháthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha Aontais nó don ghnólacht infheistíochta ar mó méid iomlán ar a cláir comhordaithe nó a chláir comhordaithe, ar a thuairim a thabhairt faoin gcinneadh sin atá beartaithe. Tabharfaidh údaráis inniúla fógra don Choimisiún agus do ÚBE faoi aon chinneadh a rinneadh i dtaca leis sin.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas