+Airteagal 48 Coláistí maoirseoirí
---+Airteagal 48 1.
---+Airteagal 48 2.
---+Airteagal 48 3.
---+Airteagal 48 4.
---+Airteagal 48 5.
---+Airteagal 48 6.
---+Airteagal 48 7.
---+Airteagal 48 8.

Airteagal 48 Coláistí maoirseoirí

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 48 1.
Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh an maoirseoir grúpa a cinneadh de bhun Airteagal 46 den Treoir seo, más iomchuí, coláistí maoirseoirí a bhunú chun éascú a dhéanamh ar fheidhmiú na gcúraimí dá dtagraítear san Airteagal seo agus chun a áirithiú go ndéanfar comhordú agus comhoibriú le húdaráis mhaoirseachta tríú tír ábhartha go háirithe i gcás inar gá sin chun críche pointe (c) den chéad fhomhír d'Airteagal 23(1) agus Airteagal 23(2) de Rialachán (AE) 2019/2033 a chur i bhfeidhm chun faisnéis ábhartha maidir leis an tsamhail chorrlaigh a mhalartú agus a nuashonrú le húdaráis mhaoirseachta na gcontrapháirtithe lárnacha cáilitheacha.
Airteagal 48 2.

Cuirfidh na coláistí maoirseoirí creat ar fáil i leith an mhaoirseora grúpa, ÚBE agus na n‐údarás inniúil eile chun na cúraimí seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 47;

(b) 

an comhordú ar iarrataí faisnéise i gcás inar gá sin chun maoirseacht ar bhonn comhdhlúite a éascú, i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE)2019/2033;

(c) 

an comhordú ar iarrataí faisnéise, i gcásanna nach mór do roinnt údarás inniúla de chuid gnólachtaí infheistíochta a bhaineann leis an ngrúpa céanna faisnéis a iarraidh ar údarás inniúil Bhallstát baile an chomhalta imréitigh nó ar údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh cháilithigh, ar faisnéis í a bhaineann leis an tsamhail chorrlaigh agus leis na paraiméadair a úsáidtear chun ceanglais chorrlaigh na ngnólachtaí infheistíochta ábhartha a ríomh;

(d) 

an malartú faisnéise idir na húdaráis inniúla uile agus le ÚBE i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus le ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010;

(e) 

teacht ar chomhaontú faoin tarmligean deonach cúraimí agus freagrachtaí idir údaráis inniúla, más iomchuí;

(f) 

éifeachtúlacht na maoirseachta a mhéadú trí iarracht a dhéanamh dúbláil ceanglas maoirseachta nach bhfuil gá léi a sheachaint.

Airteagal 48 3.
I gcás inarb iomchuí, féadfar coláistí maoirseoirí a bhunú chomh maith i gcás inar lonnaithe i dtríú tír atá fochuideachtaí grúpa gnólachtaí infheistíochta a bhfuil gnólacht infheistíochta Aontais, máthairchuideachta sealbhaíochta infheistíochta Aontais nó máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha Aontais ina ceann air.
Airteagal 48 4.
Glacfaidh ÚBE, i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, páirt i gcruinnithe na gcoláistí maoirseoirí.
Airteagal 48 5.

Beidh na húdaráis seo a leanas ina gcomhaltaí den choláiste maoirseoirí:

(a) 

na húdaráis inniúla ar a bhfuil sé de chúram maoirseacht a dhéanamh ar fhochuideachtaí grúpa gnólachtaí infheistíochta a bhfuil gnólacht infheistíochta Aontais, máthairchuideachta sealbhaíochta infheistíochta Aontais nó máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha Aontais ina cheann nó ina ceann air;

(b) 

i gcás inarb iomchuí, údaráis mhaoirseachta tríú tír, faoi réir ceanglais rúndachta atá coibhéiseach, de réir thuairim na n‐údarás inniúil uile, leis na ceanglais a leagtar síos i Roinn 2 de Chaibidil 1 den Teideal seo.

Airteagal 48 6.
Beidh an maoirseoir grúpa a cinneadh de bhun Airteagal 46 mar chathaoirleach ar chruinnithe an choláiste maoirseoirí agus glacfaidh an té sin cinntí. Coinneoidh an maoirseoir grúpa sin comhaltaí uile an choláiste maoirseoirí go hiomlán ar an eolas roimh ré faoi eagrú na gcruinnithe sin, faoi na príomhcheisteanna a bheidh le plé agus faoi na gníomhaíochtaí a bheidh le meas. Lena chois sin, coinneoidh an maoirseoir grúpa comhaltaí uile an choláiste maoirseoirí go hiomlán ar an eolas, go tráthúil, faoi na cinntí a glacadh ag na cruinnithe sin nó na bearta a rinneadh.

Cuirfidh an maoirseoir grúpa san áireamh a ábhartha atá an ghníomhaíocht mhaoirseachta atá le pleanáil nó le comhordú ag na húdaráis dá dtagraítear i mír 5 agus iad ag glacadh cinntí.

Cuirfear bunú agus feidhmiú na gcoláistí ar bhonn foirmiúil trí bhíthin socruithe i scríbhinn.

Airteagal 48 7.
I gcás easaontú le cinneadh a ghlac an maoirseoir grúpa faoi fheidhmiú coláistí maoirseoirí, féadfaidh aon cheann de na húdaráis inniúla lena mbaineann an t‐ábhar a chur faoi bhráid ÚBE agus cúnamh ÚBE a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Féadfaidh ÚBE cúnamh a thabhairt do na húdaráis inniúla chomh maith i gcás easaontú faoi fheidhmiú coláistí maoirseoirí faoin Airteagal seo ar a thionscnamh féin i gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal 19(1) de Rialachán (AE) Uimh 1093/2010.

Airteagal 48 8.
Forbróidh ÚBE, i gcomhairle le ÚEUM, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun sonrú breise a dhéanamh ar na coinníollacha faoina ndéanann na coláistí maoirseoirí na cúraimí atá orthu dá dtagraítear i mír 1.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 26 Meitheamh 2021.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas