|
+Airteagal 49 1. |
Airteagal 49 1.Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh an maoirseoir grúpa agus na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 48(5) dá chéile an fhaisnéis ábhartha uile de réir mar is gá, lena n‐áirítear an méid seo a leanas:
(a)
sainaithint struchtúr dlíthiúil agus rialachais an ghrúpa gnólachtaí infheistíochta, lena n‐áirítear an struchtúr eagrúcháin, ina gcuimsítear na heintitis rialáilte agus neamhrialáilte, na fochuideachtaí neamhrialáilte agus na máthairghnóthais uile, agus struchtúr dlíthiúil agus rialachais údaráis inniúla na n‐eintiteas rialáilte sa ghrúpa gnólachtaí infheistíochta;
(b)
nósanna imeachta maidir le faisnéis a bhailiú ó na gnólachtaí infheistíochta i ngrúpa gnólachtaí infheistíochta, agus na nósanna imeachta maidir leis an bhfaisnéis sin a fhíorú;
(c)
aon drochfhorbairtí i ngnólachtaí infheistíochta nó in eintitis eile de chuid grúpa gnólachtaí infheistíochta, a d'fhéadfadh difear tromchúiseach a dhéanamh do na gnólachtaí infheistíochta sin;
(d)
aon smachtbhannaí suntasacha agus aon bhearta eisceachtúla a rinne na húdaráis inniúla i gcomhréir le forálacha náisiúnta lenar trasuíodh an Treoir seo;
(e)
ceanglas sonrach cistí dílse a fhorchur faoi Airteagal 39 den Treoir seo. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|