+Airteagal 434b 1.

Airteagal 434b 1.

Ón 10 Eanáir 2030, nuair a bheidh aon fhaisnéis dá dtagraítear i gCuid a hOcht den Rialachán seo á poibliú acu, déanfaidh na hinstitiúidí an fhaisnéis sin a chur faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin ábhartha dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo an tráth céanna chun í a dhéanamh inrochtana ar an bpointe rochtana aonair Eorpach (ESAP) arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 37 ).

Leis an bhfaisnéis sin, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(a) 

déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859 nó, i gcás ina gceanglaítear amhlaidh le dlí an Aontais, i bhformáid mheaisín-inléite, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), den Rialachán sin;

(b) 

beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

(i) 

ainmneacha uile na hinstitiúide lena mbaineann an fhaisnéis;

(ii) 

aitheantóir eintitis dhlítheanaigh na hinstitiúide, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(iii) 

méid na hinstitiúide de réir catagóire, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (d), den Rialachán sin;

(iv) 

an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

(v) 

léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas