|
+Airteagal 450 1. |
Airteagal 450 1.Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis seo a leanas, maidir lena mbeartas agus lena gcleachtais i ndáil le luach saothair i leith na gcatagóirí foirne sin a mbíonn tionchar ábhartha ag a gcuid gníomhaíochtaí gairmiúla ar phróifíl ►C12 riosca ◄ na n-institiúidí:
(a)
faisnéis faoin bpróiseas cinnteoireachta a úsáidtear chun an beartas luacha saothair a chinneadh, agus faoi líon na gcruinnithe freisin arna dtionól ag an bpríomhchomhlacht a bhfuil maoirsiú á dhéanamh aige ar an luach saothair le linn na bliana airgeadais, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, faisnéis faoi chomhdhéanamh agus faoi shainordú an choiste luacha saothair, an sainchomhairleoir seachtrach ar úsáideadh a chuid seirbhísí chun an beartas luacha saothair a chinneadh agus ról na bpáirtithe leasmhara iomchuí;
(b)
faisnéis faoin nasc idir pá na foirne agus feidhmíocht na foirne;
(c)
na saintréithe deartha is tábhachtaí den chóras luacha saothair, lena n-áirítear faisnéis faoi na critéir a úsáidtear chun feidhmíocht a thomhas agus ►C12 riosca ◄ a choigeartú, beartas iarchurtha agus critéir dílsithe;
(d)
na cóimheasa idir luach saothair seasta agus inathraithe a leagtar síos i gcomhréir le pointe (g) d'Airteagal 94(1) de Threoir 2013/36/AE;
(e)
faisnéis faoi na critéir feidhmíochta ar a bhfuil an teidlíocht ar scaireanna, ar roghanna nó ar chomhpháirteanna inathraithe de luach saothair bunaithe;
(f)
na príomhpharaiméadair agus an réasúnaíocht d'aon scéim comhpháirte athraithí agus aon sochair eile neamhairgid;
(g)
faisnéis chomhiomlán chainníochtúil maidir le luach saothair, arna miondealú de réir an réimse gnó;
(h)
faisnéis chomhiomlán chainníochtúil maidir le luach saothair, arna miondealú de réir na bainistíochta sinsearaí agus na gcomhaltaí foirne a mbíonn tionchar ábhartha ag a gcuid gníomhaíochtaí gairmiúla ar phróifíl ►C12 riosca ◄ na n-institiúidí, ag tabhairt an méid seo a leanas le fios:
(i)
méideanna an luacha saothair arna mbronnadh don bhliain airgeadais, á ndeighilt idir luach saothair seasta, lena n-áirítear tuairisc ar na comhpháirteanna seasta, agus luach saothair inathraithe, agus líon na dtairbhithe;
(ii)
méideanna agus foirmeacha an luacha saothair inathraithe a bhronntar, á ndeighilt idir airgead tirim, scaireanna, ionstraimí atá nasctha le scaireanna agus cineálacha eile don chuid a íoctar roimh ré agus don chuid iarchurtha;
(iii)
méideanna luacha saothair iarchurtha a bhronntar do thréimhsí feidhmíochta roimhe seo, á ndeighilt sa mhéid atá le dílsiú sa bhliain airgeadais agus an méid atá le dílsiú sna blianta ina dhiaidh sin;
(iv)
méideanna an luacha saothair iarchurtha atá le dílsiú sa bhliain airgeadais ar méideanna iad a íoctar amach le linn na bliana airgeadais, agus a laghdaítear trí choigeartuithe feidhmíochta;
(v)
dámhachtainí inathraithe ráthaithe le linn na bliana airgeadais, agus líon thairbhithe na ndámhachtainí sin;
(vi)
na scaoilíocaíochtaí a bronnadh i dtréimhsí roimhe seo, a íocadh amach le linn na bliana airgeadais;
(vii)
méideanna scaoilíocaíochtaí a bronnadh le linn na bliana airgeadais, á ndeighilt ina n-íocaíochtaí a íoctar roimh ré agus ina n-íocaíochtaí iarchurtha, líon thairbhithe na n-íocaíochtaí sin agus an íocaíocht is airde a dámhadh ar dhuine aonair;
(i)
líon na ndaoine aonair atá tar éis luach saothair EUR 1 mhilliún nó níos mó in aghaidh na bliana airgeadais a fháil, i gcás luacha saothair idir EUR 1 mhilliún agus EUR 5 mhilliún arna mhiondealú i mbandaí pá de EUR 500 000 agus i gcás luacha saothair EUR 5 mhilliún agus os a chionn arna mhiondealú i mbandaí pá de EUR 1 mhilliún;
(j)
arna iarraidh sin don Bhallstát ábhartha nó don údarás inniúil ábhartha, luach saothair iomlán gach comhalta den chomhlacht bainistíochta nó den bhainistíocht shinsearach;
(k)
faisnéis maidir le cibé acu a bhaineann an institiúid tairbhe as maolú nó nach mbaineann a leagtar síos le hAirteagal 94(3) de Threoir 2013/35/AE. Chun chríocha phointe (k) den chéad fhomhír den mhír seo, institiúidí a bhaineann tairbhe as maolú den sórt sin, cuirfidh siad in iúl cibé a bhaineann siad tairbhe as an maolú sin ar bhonn phointe (a) nó pointe (b) d'Airteagal 94(3) de Threoir 2013/36/AE. Cuirfidh siad prionsabail an luacha saothair in iúl freisin a gcuirfidh siad an maolú nó maoluithe i bhfeidhm maidir leo, líon na mball foirne a bhaineann tairbhe as an maolú nó na maoluithe agus an luach saothair iomlán atá acu, á ndeighilt ina luach saothair inathraitheach agus seasta. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|