+Airteagal 13 Saoirse chun gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a sholáthar i mBallstát óstach
---+Airteagal 13 1
---+Airteagal 13 2
---+Airteagal 13 3
---+Airteagal 13 4
---+Airteagal 13 5
---+Airteagal 13 6
---+Airteagal 13 7
|
Airteagal 13 Saoirse chun gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a sholáthar i mBallstát óstach
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 13 1
|
1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé de cheart ag seirbhíseoir creidmheasa, tar éis dó údarú a fháil i gcomhréir le hAirteagal 4(1) i mBallstát baile, na seirbhísí sin a chumhdaítear leis an údarú sin a sholáthar san Aontas, gan dochar d’aon srianta nó ceanglais atá bunaithe i ndlí náisiúnta an Bhallstáit óstaigh i gcomhréir leis an Treoir seo, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, toirmeasc ar chistí a fháil ó iasachtaithe agus iad a shealbhú, ar srianta iad nach mbaineann le ceanglais údarúcháin eile de chuid seirbhíseoirí creidmheasa, nó leo siúd atá bunaithe chun athchaibidliú a dhéanamh ar na téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa nó leis an gcomhaontú creidmheasa féin.
|
|
Airteagal 13 2
|
2. Áiritheoidh na Ballstáit i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag seirbhíseoir creidmheasa a bhfuil údaraithe faighte aige i gcomhréir le hAirteagal 4(1) i mBallstát baile seirbhísí a sholáthar i mBallstát óstach, go dtíolacfaidh an seirbhíseoir creidmheasa chuig údarás inniúil an Bhallstáit baile an fhaisnéis seo a leanas:
|
(a)
|
an Ballstát óstach ina bhfuil sé beartaithe ag an seirbhíseoir creidmheasa seirbhísí a sholáthar agus, i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin ar eolas ag an seirbhíseoir creidmheasa cheana féin, an Ballstát inar deonaíodh an creidmheas, nuair nach ionann é agus an Ballstát óstach ná an Ballstát baile;
|
|
(b)
|
i gcás inarb infheidhme, seoladh bhrainse an tseirbhíseora creidmheasa atá bunaithe sa Bhallstát óstach;
|
|
(c)
|
i gcás inarb infheidhme, céannacht agus seoladh an tsoláthraí seirbhísí creidmheasa sa Bhallstát óstach;
|
|
(d)
|
céannacht na ndaoine atá freagrach as soláthar gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a bhainistiú sa Bhallstát óstach;
|
|
(e)
|
i gcás inarb infheidhme, mionsonraí na mbeart a rinneadh chun nósanna imeachta inmheánacha, socruithe rialachais agus sásraí rialaithe inmheánaigh an tseirbhíseora creidmheasa a oiriúnú chun a áirithiú go gcomhlíontar na dlíthe is infheidhme maidir le cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa nó maidir leis an gcomhaontú creidmheasa féin;
|
|
(f)
|
tuairisc ar an nós imeachta atá bunaithe chun go gcomhlíonfaí na rialacha maidir le frithsciúradh airgid agus maidir le frithmhaoiniú sceimhlitheoireachta, trína n-ainmnítear, le dlí náisiúnta an Bhallstáit óstaigh lena dtrasuitear Treoir (AE) 2015/849, seirbhíseoirí creidmheasa mar eintitis faoi oibleagáid chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac;
|
|
(g)
|
go bhfuil na modhanna iomchuí ag an seirbhíseoir creidmheasa chun cumarsáid a dhéanamh i dteanga an Bhallstáit óstaigh nó i dteanga an chomhaontaithe creidmheasa;
|
|
(h)
|
cibé acu atá nó nach bhfuil an seirbhíseoir creidmheasa údaraithe ina Bhallstát baile chun cistí a fháil ó iasachtaithe agus iad a shealbhú.
|
|
|
Airteagal 13 3
|
3. Déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile, laistigh de 45 lá ón bhfaisnéis uile dá dtagraítear in mír 2 a fháil, an fhaisnéis sin a chur in iúl d’údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh, agus tabharfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh admháil fála ina leith sin gan mhoill. Ina dhiaidh sin, cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile in iúl don seirbhíseoir creidmheasa an dáta ar ar cuireadh an fhaisnéis in iúl d’údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh agus an dáta ar a dtugann na húdaráis inniúla sin admháil fála i leith na faisnéise. Chomh maith leis sin, cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile an fhaisnéis uile dá dtagraítear i mír 2 in iúl d’údaráis inniúla an Bhallstáit inar deonaíodh an creidmheas, nuair nach ionann é agus an Ballstát óstach ná an Ballstát baile.
|
|
Airteagal 13 4
|
4. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cead achomhairc os comhair binse ag seirbhíseoir creidmheasa i gcás ina mainníonn údaráis inniúla an Bhallstáit baile an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 a chur in iúl.
|
|
Airteagal 13 5
|
5. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an seirbhíseoir creidmheasa in ann tosú ar sheirbhísí a sholáthar sa Bhallstát óstach ón tráth is luaithe díobh seo a leanas:
|
(a)
|
an tráth a fhaightear teachtaireacht ó údarás inniúla an Bhallstáit óstaigh ina n-admhaítear go bhfuarthas an teachtaireacht dá dtagraítear i mír 3;
|
|
(b)
|
in éagmais aon admháil fála i leith na teachtaireachta dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo a fháil, tar éis dhul in éag thréimhse 2 mhí ón dáta a chuirtear an fhaisnéis uile dá dtagraítear i mír 2 faoi bhráid údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh.
|
|
|
Airteagal 13 6
|
6. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh seirbhíseoir creidmheasa údaráis inniúla an Bhallstáit baile ar an eolas faoi aon athrú a dhéanfar ina dhiaidh sin ar an bhfaisnéis a cheanglaítear a chur in iúl i gcomhréir le mír 2. I gcásanna den sórt sin, áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar an nós imeachta a leagtar amach i míreanna 3, 4 agus 5.
|
|
Airteagal 13 7
|
7. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh taifead sa liosta nó sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 9 maidir leis na seirbhíseoirí creidmheasa atá údaraithe gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a sholáthar ar a gcríoch agus mionsonraí an Bhallstáit baile.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|