+9. Ba cheart d'údaráis inniúla an fhaisnéis seo a leanas a áireamh ar a liosta nó ar a gclár i …
|
9. Ba cheart d'údaráis inniúla an fhaisnéis seo a leanas a áireamh ar a liosta nó ar a gclár i …
Ba cheart d'údaráis inniúla an fhaisnéis seo a leanas a áireamh ar a liosta nó ar a gclár i gcomhréir le hAirteagal 9(1) de Threoir (AE) 2021/2167, i gcás gach seirbhíseora creidmheasa: - a. Aitheantóir Eintitis Dhlítheanaigh (LEI) (le fágáil folamh mura bhfuil LEI ag an seirbhíseoir creidmheasa);
- b. Uimhir aitheantais uathúil náisiúnta arna sannadh ag údarás inniúil an Bhallstáit bhaile;
- c. Ainm dlíthiúil, lena n-áirítear foirm dhlíthiúil na cuideachta, agus an t-ainm tráchtála i gcás nach ionann é agus an t-ainm dlíthiúil. I gcás nach litreacha Laidineacha atá sa bhunainm dlíthiúil nó tráchtála, ba cheart an leagan i litreacha Laidineacha a bheith ar an liosta nó ar an gclár freisin;
- d. Seoladh cheannoifig an tseirbhíseora creidmheasa nó seoladh a hoifige cláraithe sa Bhallstát baile, lena n-áirítear:
- i. Tír
- ii. Baile/cathair
- iii. Cód Poist
- iv. Sráid
- v. Uimhir shráide;
- e. I gcás inar bhunaigh seirbhíseoir creidmheasa atá údaraithe i mBallstát amháin brainse i mBallstát eile i gcomhréir le hAirteagal 13 de Threoir (AE) 2021/2167, ba cheart seoladh an bhrainse sin, lena n-áirítear gach ceann díobh seo a leanas, a áireamh ar liosta nó ar chlár údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh sin:
- i. Tír
- ii. Baile/cathair
- iii. Cód Poist
- iv. Sráid
- v. Uimhir shráide;
- f. Sonraí teagmhála an tseirbhíseora creidmheasa atá ábhartha don Bhallstát ina gcoimeádtar an liosta nó an clár (ceann amháin ar a laghad le soláthar, féadtar níos mó ná ceann amháin a thabhairt):
- i. Seoladh ríomhphoist
- ii. Foirm ghréasáin
- iii. Seoladh poist
- iv. Uimhir ghutháin;
- g. Sonraí teagmhála maidir le gearáin ó iasachtaithe atá ábhartha don Bhallstát ina gcoimeádtar an liosta nó an clár a bhainistiú, ar chuir an seirbhíseoir creidmheasa nós imeachta ar bun ina leith i gcomhréir le hAirteagal 24(1) de Threoir (AE) 2021/2167 (ceann amháin ar a laghad atá le soláthar, féadtar níos mó ná ceann amháin a thabhairt):
- i. Seoladh ríomhphoist
- ii. Foirm ghréasáin
- iii. Seoladh poist
- iv. Uimhir ghutháin;
- h. An Ballstát baile inar údaraíodh an seirbhíseoir creidmheasa;
- i. Stádas údaraithe (“bailí” nó “aistarraingthe”) chun gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a sholáthar, lena n-áirítear an chéad dáta údaraithe taifeadta, agus an dáta a tarraingíodh siar údarú (más infheidhme). I gcás inar athúdaraíodh seirbhíseoir creidmheasa, ina theannta sin, ba cheart an chéad dáta den údarú atá bailí faoi láthair a áireamh freisin;
- j. Stádas údaraithe (“formheasta”, “toirmiscthe don seirbhíseoir creidmheasa seo” nó “toirmiscthe go ginearálta do sheirbhísithe creidmheasa atá bunaithe in [ainm an Bhallstáit ]”) chun cistí a fháil agus a shealbhú ó iasachtaithe i gcomhréir le hAirteagal 6 de Threoir (AE) 2021/2167, lena n-áirítear an chéad dáta údaraithe taifeadta, agus an dáta a tarraingíodh siar údarú (más infheidhme) na seirbhíse sin. Mar réamhshocrú, ba cheart stádas údaraithe an Bhallstáit bhaile a thaispeáint ar liosta nó ar chlár an Bhallstáit óstaigh, ach amháin má tá feidhm ag toirmeasc ginearálta sa Bhallstát óstach, agus sa chás sin ba cheart don údarás inniúil óstach “toirmiscthe go ginearálta do sheirbhíseoirí creidmheasa a sholáthraíonn seirbhísí in [ainm an Bhallstáit]” a thaispeáint do gach seirbhíseoir creidmheasa ar a liosta nó ar a chlár, beag beann ar an stádas údaraithe sa Bhallstát baile. I gcás inar athúdaraíodh seirbhíseoir creidmheasa chun cistí a fháil agus a shealbhú, ina theannta sin, ba cheart an chéad dáta den údarú atá bailí faoi láthair a áireamh freisin;
- k. Liosta de na Ballstáit óstacha a bhfuil fógra tugtha ag an seirbhíseoir creidmheasa ina leith d’údarás inniúil an Bhallstáit bhaile go bhfuil sé beartaithe aige gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a sholáthar agus a bhfuil fógra seolta ag an údarás inniúil sin ina leith i gcomhréir le hAirteagal 13(3) de Threoir (AE) 2021/2167 chuig údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh (le comhlánú ag údarás inniúil an Bhallstáit bhaile amháin); agus
- l. An dáta ar féidir leis an seirbhíseoir creidmheasa tosú ag soláthar seirbhísí sa Bhallstát óstach de réir Airteagal 13(5) de Threoir (AE) 2021/2167, agus i gcás inarb infheidhme an dáta ar a bhfuair údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh an fógra ó údarás in niúil an Bhallstáit bhaile nach bhfuil sé i gceist ag an seirbhíseoir creidmheasa seirbhísí a sholáthar sa Bhallstát óstach a thuilleadh (ní bheidh sé le comhlánú ach ag údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh).
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|