+Airteagal 26b Ceanglais maidir le simplíocht
---+Airteagal 26b 1.
---+Airteagal 26b 2.
---+Airteagal 26b 3.
---+Airteagal 26b 4.
---+Airteagal 26b 5.
---+Airteagal 26b 6.
---+Airteagal 26b 7.
---+Airteagal 26b 8.
---+Airteagal 26b 9.
---+Airteagal 26b 10.
---+Airteagal 26b 11.
---+Airteagal 26b 12.
---+Airteagal 26b 13.
|
Airteagal 26b Ceanglais maidir le simplíocht
Ceanglais maidir le simplíocht
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 26b 1.
|
Eintiteas atá údaraithe nó ceadúnaithe san Aontas a bheidh i dtionscnóir. Tionscnóir a cheannaíonn neamhchosaintí tríú páirtí ar a chuntas féin agus a dhéanann urrúsú orthu ina dhiaidh sin, cuirfidh sé i bhfeidhm beartais maidir le creidmheas, bailiúchán, fiachas a oibriú amach agus seirbhísiú a chuirtear i bhfeidhm i leith na neamhchosaintí sin atá chomh dian céanna leo sin a chuireann an tionscnóir i bhfeidhm i leith neamhchosaintí inchomparáide nár ceannaíodh.
|
|
Airteagal 26b 2.
|
Tionscnófar neamhchosaintí foluiteacha mar chuid de phríomhghníomhaíocht ghnó an tionscnóra.
|
|
Airteagal 26b 3.
|
Tráth a dhúntar idirbheart, coinneofar na neamhchosaintí foluiteacha laistigh de chlár comhardaithe an tionscnóra nó de chuid eintitis a bhaineann leis an ngrúpa céanna lena mbaineann an tionscnóir. Chun críocha na míre seo, is é a bheidh i ngrúpa ná ceachtar den dá rud seo a leanas:
(a)
grúpa eintiteas dlíthiúil atá faoi réir comhdhlúthú stuamachta i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
(b)
grúpa mar a shainmhínítear i bpointe (c) d’Airteagal 212(1) de Threoir 2009/138/CE.
|
|
Airteagal 26b 4.
|
Ní dhéanfaidh an tionscnóir a neamhchosaint ar riosca creidmheasa neamhchosaintí foluiteacha an urrúsaithe a fhálú thar an gcosaint a fhaightear tríd an gcomhaontú cosanta creidmheasa.
|
|
Airteagal 26b 5.
|
Leis an gcomhaontú cosanta creidmheasa, comhlíonfar na rialacha maidir le maolú riosca creidmheasa a leagtar síos in Airteagal 249 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, nó i gcás nach bhfuil feidhm ag an Airteagal sin, comhlíonfar na ceanglais atá chomh dian céanna le ceanglais a leagtar amach san Airteagal sin.
|
|
Airteagal 26b 6.
|
Soláthróidh an tionscnóir uiríll agus barántaí gur comhlíonadh na ceanglais seo a leanas:
(a)
tá teideal dlíthiúil iomlán agus bailí ag an tionscnóir nó ag eintiteas an ghrúpa lena mbaineann an tionscnóir ar na neamhchosaintí foluiteacha agus ar na cearta coimhdeacha comhlachaithe a ghabhann leo;
(b)
i gcás inar institiúid creidmheasa mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 an tionscnóir, nó i gcás inar gnóthas árachais mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 13 de Threoir 2009/138/CE é, coinníonn an tionscnóir, nó eintiteas a áirítear i raon feidhme na maoirseachta ar bhonn comhdhlúite, riosca creidmheasa na neamhchosaintí foluiteacha laistigh dá chlár comhardaithe;
(c)
comhlíonann gach neamhchosaint fholuiteach, ar an dáta a áirítear iad sa phunann urrúsaithe, na critéir incháilitheachta agus na coinníollacha uile le haghaidh íocaíocht cosanta creidmheasa, cé is moite de tharlú teagmhais creidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 26e(1), i gcomhréir leis an gcomhaontú cosanta creidmheasa atá laistigh de dhoiciméadacht an urrúsúcháin;
(d)
chomh fada agus is eol don tionscnóir, sa chonradh maidir le gach neamhchosaint fholuiteach tá oibleagáid dhlithiúil, bhailí, cheangailteach agus in-fhorfheidhmithe ar an bhféichiúnaí na suimeanna airgid a shonraítear sa chonradh sin a íoc;
(e)
comhlíonann na neamhchosaintí foluiteacha na critéir fhrithgheallta atá chomh dian céanna leis na critéir fhrithgheallta chaighdeánacha a chuireann an tionscnóir i bhfeidhm maidir le neamhchosaintí comhchosúla nach bhfuil urrúsaithe;
(f)
chomh fada agus is eol don tionscnóir, ní raibh sárú ábhartha ná mainneachtain déanta ag aon duine de na féichiúnaithe ar aon oibleagáid a bhí orthu i leith neamhchosaint fholuiteach ar an dáta a áirítear an neamhchosaint fholuiteach sin sa phunann urrúsaithe;
(g)
chomh fada agus is eol don tionscnóir, níl aon fhaisnéis bhréagach maidir le mionsonraí na neamhchosaintí foluiteacha i ndoiciméadacht an idirbhirt;
(h)
tráth a dhúntar an t-idirbheart nó nuair a dhéantar neamhchosaint fholuiteach a áireamh sa phunann urrúsaithe, níl leasú déanta ar an gconradh idir an féichiúnaí agus an t-iasachtóir bunaidh i ndáil leis an neamhchosaint fholuiteach sin ar bhealach lena ndéantar difear d’in-fhorfheidhmitheacht nó d’inbhailitheacht na neamhchosanta foluití sin.
|
|
Airteagal 26b 7.
|
Le neamhchosaintí foluiteacha, comhlíonfar critéir incháilitheachta a bheidh réamhdhearbhaithe, soiléir agus doiciméadaithe, ar critéir iad nach lamháilfear leo bainistiú gníomhach punainne a dhéanamh ar na neamhchosaintí sin ar bhonn roghnach. Chun críocha na míre seo, maidir le hionadú neamhchosaintí lena ndéantar sárú ar uiríll nó ar bharántaí nó, i gcás ina n-áirítear tréimhse athshlánaithe san urrúsú, ní mheasfar na neamhchosaintí a chuirtear leis lena gcomhlíontar na coinníollacha athshlánaithe sainithe mar bhainistiú gníomhach punainne. Le haon neamhchosaint a chuirfear leis i ndiaidh dháta deiridh an idirbhirt, comhlíonfar critéir incháilitheachta atá chomh dian céanna leis na critéir a cuireadh i bhfeidhm le linn roghnú tosaigh na neamhchosaintí foluiteacha. Féadfar neamhchosaint fholuiteach a dhíchur ón idirbheart sna cásanna seo a leanas maidir leis an neamhchosaint fholuiteach sin:
(a)
aisíocadh ina hiomláine í nó d’aibigh sí ar shlí eile;
(b)
diúscraíodh í le linn ghnáthchúrsa gnó an tionscnóra, ar choinníoll nach ionann an diúscairt sin agus tacaíocht intuigthe dá dtagraítear in Airteagal 250 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
(c)
tá sí faoi réir leasú nach bhfuil faoi thionchar creidmheasa, amhail fiachas a athmhaoiniú nó a athstruchtúrú, agus ar leasú é a tharlaíonn le linn ghnáthchúrsa seirbhísithe na neamhchosanta foluití sin; nó
(d)
níor comhlíonadh léi na critéir incháilitheachta tráth a áiríodh í san idirbheart.
|
|
Airteagal 26b 8.
|
Beidh tacaíocht ag an urrúsú ó chomhthiomsú de neamhchosaintí foluiteacha atá aonchineálach ó thaobh an chineáil sócmhainní de, lena gcuirtear na saintréithe sonracha a bhaineann le sreafaí airgid an chineáil sócmhainne san áireamh, lena n-áirítear a saintréithe conarthacha, riosca creidmheasa agus réamhíocaíochta. Is aon chineál sócmhainne amháin a bheidh i gcomhthiomsú de neamhchosaintí foluiteacha. Sna neamhchosaintí foluiteacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, beidh oibleagáidí atá ceangailteach agus in-fhorfheidhmithe de réir conartha, ar féidir leo dul ar iontaoibh iomlán na bhféichiúnaithe agus, i gcás inarb infheidhme, na ráthóirí. Beidh sruthanna íocaíochta tréimhsiúla sainithe ag na neamhchosaintí foluiteacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ar féidir éagsúlacht a bheith ag baint le méideanna a dtráthchodanna, a mhéid a bhaineann le híocaíochtaí cíosa, príomhshuime nó úis, nó le haon cheart eile maidir le hioncam a fháil ó shócmhainní lena dtugtar tacaíocht do na híocaíochtaí sin. Féadfaidh na neamhchosaintí foluiteacha fáltais a ghiniúint freisin as díolachán aon sócmhainní atá maoinithe nó atá ar léas. Ní áireofar urrúis inaistrithe mar a shainmhínítear i bpointe (44) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE sna neamhchosaintí foluiteacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, seachas bannaí corparáideacha nach ndéantar a liostáil ar ionad trádála.
|
|
Airteagal 26b 9.
|
Ní áireofar aon suíomhanna urrúsúcháin i neamhchosaintí foluiteacha.
|
|
Airteagal 26b 10.
|
Déanfar na caighdeáin fhrithgheallta ar dá mbun a thionscnaítear neamhchosaintí foluiteacha agus aon athruithe ábhartha ó na caighdeáin fhrithgheallta a bhí ann roimhe sin a nochtadh go hiomlán d’infheisteoirí ionchasacha gan moill mhíchuí. Frithgheallfar na neamhchosaintí foluiteacha agus féadfar dul ar iontaoibh iomlán féichiúnaí nach SSPE é. Ní bheidh baint ag aon tríú páirtí le cinntí maidir le creidmheas nó frithghealladh a bhaineann leis na neamhchosaintí foluiteacha. I gcás urrúsuithe inar iasachtaí cónaithe na neamhchosaintí foluiteacha, ní áireofar sa chomhthiomsú iasachtaí aon iasacht a cuireadh ar an margadh agus a frithghealladh ar an mbonn gur cuireadh in iúl don iarratasóir ar an iasacht nó, i gcás inarb infheidhme, d’idirghabhálaithe go bhféadfadh sé nach mbeadh an fhaisnéis a soláthraíodh fíoraithe ag an iasachtóir. Leis an measúnú ar acmhainneacht chreidmheasa an iasachtaí, comhlíonfar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 8 de Threoir 2008/48/CE nó in Airteagal 18(1) go (4), pointe (a) d’Airteagal 18(5) agus Airteagal 18(6) de Threoir 2014/17/AE nó, i gcás inarb infheidhme, na ceanglais choibhéiseacha i dtríú tíortha. Beidh saineolas ag an tionscnóir nó ag an iasachtóir bunaidh i ndáil le neamhchosaintí a thionscnamh atá comhchosúil leis na neamhchosaintí a ndearnadh urrúsú orthu.
|
|
Airteagal 26b 11.
|
Le neamhchosaintí foluiteacha, tráth a roghnófar iad, ní áireofar neamhchosaintí atá ar mainneachtain de réir bhrí Airteagal 178(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ná neamhchosaintí ar fhéichiúnaí nó ráthóir ag a bhfuil fadhbanna creidmheasa a bhfuil an méid seo a leanas fíor faoi, chomh fada agus is eol don tionscnóir nó don iasachtóir bunaidh:
(a)
dearbhaíodh go raibh sé dócmhainneach nó gur dheonaigh cúirt ceart críochnaitheach, neamh-inachomhairc forfheidhmithe nó damáiste ábhartha dá chreidiúnaithe de dheasca íocaíocht a chaill sé laistigh de 3 bliana roimh dháta an tionscanta nó cuireadh faoi phróiseas athstruchtúraithe fiachais é maidir lena neamhchosaintí neamhthuillmheacha laistigh de 3 bliana roimh an dáta a rinneadh na neamhchosaintí foluiteacha a roghnú, ach amháin sna cásanna seo a leanas:
(i)
ní raibh riaráistí nua ag gabháil le neamhchosaint fholuiteach athstruchtúraithe ón dáta a rinneadh an t-athstruchtúrú, ar athstruchtúrú é nárbh fholáir dó a bheith déanta 1 bhliain amháin ar a laghad roimh an dáta ar a roghnaíodh na neamhchosaintí foluiteacha; agus
(ii)
leis an bhfaisnéis arna soláthar ag an tionscnóir i gcomhréir le pointí (a) agus (e)(i) den chéad fhomhír d’Airteagal 7(1), leagtar amach go soiléir an cion de neamhchosaintí athstruchtúraithe foluiteacha, am agus mionsonraí an athstruchtúraithe agus a bhfeidhmíocht ó dháta an athstruchtúraithe;
(b)
bhí sé, tráth thionscanta na neamhchosanta foluití, i gcás inarb infheidhme, ar chlár poiblí creidmheasa de dhaoine a bhfuil stair dhíobhálach creidmheasa acu nó, i gcás nach ann do chlár poiblí creidmheasa den sórt sin, ar chlár creidmheasa eile atá ar fáil don tionscnóir nó don iasachtóir bunaidh; nó
(c)
tá measúnú creidmheasa nó scór creidmheasa aige lena dtugtar le fios go bhfuil an riosca nach n-íocfar íocaíochtaí a comhaontaíodh de réir conartha i bhfad níos airde ná mar a bheadh i gcás neamhchosaintí inchomparáide atá i seilbh an tionscnóra agus nach bhfuil urrúsaithe.
|
|
Airteagal 26b 12.
|
Beidh íocaíocht amháin ar a laghad déanta ag féichiúnaithe tráth a áireofar na neamhchosaintí foluiteacha, ach amháin sna cásanna seo a leanas:
(a)
urrúsú imrothlach é an t-urrúsú, le tacaíocht ó neamhchosaintí atá iníoctha in aon tráthchuid amháin nó a bhfuil aibíocht de níos lú ná 1 bhliain amháin ag gabháil leis, lena n-áirítear íocaíochtaí míosúla gan teorannú ar chreidmheasanna imrothlacha; nó
(b)
tá an neamhchosaint ina athmhaoiniú ar neamhchosaint a áirítear san idirbheart cheana féin.
|
|
Airteagal 26b 13.
|
Déanfaidh ÚBE, i ndlúthchomhar le ÚEUM agus le ÚEÁPC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt lena ndéantar sonrú breise maidir le cé na neamhchosaintí foluiteacha dá dtagraítear i mír 8 a mheastar a bheith aonchineálach. Déanfaidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Deireadh Fómhair 2021. Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|