+Airteagal 26b 11.

Airteagal 26b 11.

Le neamhchosaintí foluiteacha, tráth a roghnófar iad, ní áireofar neamhchosaintí atá ar mainneachtain de réir bhrí Airteagal 178(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ná neamhchosaintí ar fhéichiúnaí nó ráthóir ag a bhfuil fadhbanna creidmheasa a bhfuil an méid seo a leanas fíor faoi, chomh fada agus is eol don tionscnóir nó don iasachtóir bunaidh:

(a) 

dearbhaíodh go raibh sé dócmhainneach nó gur dheonaigh cúirt ceart críochnaitheach, neamh-inachomhairc forfheidhmithe nó damáiste ábhartha dá chreidiúnaithe de dheasca íocaíocht a chaill sé laistigh de 3 bliana roimh dháta an tionscanta nó cuireadh faoi phróiseas athstruchtúraithe fiachais é maidir lena neamhchosaintí neamhthuillmheacha laistigh de 3 bliana roimh an dáta a rinneadh na neamhchosaintí foluiteacha a roghnú, ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(i) 

ní raibh riaráistí nua ag gabháil le neamhchosaint fholuiteach athstruchtúraithe ón dáta a rinneadh an t-athstruchtúrú, ar athstruchtúrú é nárbh fholáir dó a bheith déanta 1 bhliain amháin ar a laghad roimh an dáta ar a roghnaíodh na neamhchosaintí foluiteacha; agus

(ii) 

leis an bhfaisnéis arna soláthar ag an tionscnóir i gcomhréir le pointí (a) agus (e)(i) den chéad fhomhír d’Airteagal 7(1), leagtar amach go soiléir an cion de neamhchosaintí athstruchtúraithe foluiteacha, am agus mionsonraí an athstruchtúraithe agus a bhfeidhmíocht ó dháta an athstruchtúraithe;

(b) 

bhí sé, tráth thionscanta na neamhchosanta foluití, i gcás inarb infheidhme, ar chlár poiblí creidmheasa de dhaoine a bhfuil stair dhíobhálach creidmheasa acu nó, i gcás nach ann do chlár poiblí creidmheasa den sórt sin, ar chlár creidmheasa eile atá ar fáil don tionscnóir nó don iasachtóir bunaidh; nó

(c) 

tá measúnú creidmheasa nó scór creidmheasa aige lena dtugtar le fios go bhfuil an riosca nach n-íocfar íocaíochtaí a comhaontaíodh de réir conartha i bhfad níos airde ná mar a bheadh i gcás neamhchosaintí inchomparáide atá i seilbh an tionscnóra agus nach bhfuil urrúsaithe.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas