+Airteagal 44 Tuarascálacha

Airteagal 44 Tuarascálacha

Airteagal 44

Tuarascálacha

Faoin 1 Eanáir 2021 agus gach 3 bliana uaidh sin ar aghaidh, foilseoidh Comhchoiste na ÚEManna tuarascáíl maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

cur chun feidhme na gceanglas STS dá bhforáiltear in Airteagal 18 go 27 iad;

(b) 

measúnú ar na gníomhartha atá déanta ag údaráis inniúla, ar rioscaí ábhartha agus ar leochaileachtaí nua a d’fhéadfadh a bheith tagtha chun cinn agus ar ghníomhartha rannpháirtithe margaidh chun tuilleadh caighdeánaithe a dhéanamh ar dhoiciméadacht urrúsúcháin;

(c) 

feidhmiú na gceanglas díchill chuí dá bhforáiltear in Airteagal 5 agus na gceanglas trédhearcachta dá bhforáiltear in Airteagal 7 agus leibhéal trédhearcachta an mhargaidh urrúsúcháin san Aontas, lena n-áirítear maidir lenar leor na ceanglais trédhearcachta dá bhforáiltear in Airteagal 7 chun forléargas leordhóthanach a thabhairt do na húdaráis inniúla ar an margadh lena gcuid sainorduithe faoi seach a chomhlíonadh;

(d) 

na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 6, lena n-áirítear go gcomhlíonfadh rannpháirtithe sa mhargadh an tAirteagal sin agus na módúlachtaí coinneála riosca de bhun Airteagal 6(3);

▼M1

(e) 

suíomh geografach SSPEnna.

Bunaithe ar an bhfaisnéis arna soláthar dó gach 3 bliana faoi phointe (e), soláthróidh an Coimisiún measúnú ar na cúiseanna le rogha an tsuímh, lena n-áirítear, faoi réir infhaighteacht agus inrochtaineacht na faisnéise, a mhéid atá ról criticiúil ag córas fabhrach cánach agus rialála a bheith ann.

▼M1 —————

▼M1

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas