1. Gan dochar don fhreagracht atá ar chomhaltaí imréitigh caillteanais a sheasamh a théann níos faide ná an mhainneachtain i bhfoirm cascáide, i gcás ina mbeidh CPL atá faoi théarnamh mar gheall ar theagmhas neamh-mhainneachtana tar éis na socruithe agus na bearta a chur i bhfeidhm chun laghdú a dhéanamh ar luach aon ghnóthachan is iníoctha ag an CPL le comhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana mar a leagtar amach ina phlean téarnaimh, agus mar thoradh air sin nach bhfuil sé tar éis dul faoi réiteach, féadfaidh údarás inniúil an CPL ceangal a chur ar an CPL na comhaltaí imréitigh a chúiteamh as a gcaillteanas trí íocaíochtaí in airgead tirim nó, i gcás inarb iomchuí, féadfaidh sé ceangal a chur ar an CPL ionstraimí a eisiúint lena n-aithnítear éileamh ar bhrabúis an CPL amach anseo. An fhéidearthacht ó thaobh cúiteamh a sholáthar do chomhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana, ní bheidh feidhm aici maidir lena gcaillteanais de bhun gealltanais chonarthacha i gcás na gcéimeanna bainistíochta mainneachtana nó athshlánaithe.
Na híocaíochtaí in airgead tirim nó luach na n-ionstraimí lena n-aithnítear éileamh ar bhrabúis an CPL amach anseo a eiseofar do gach comhalta imréitigh neamh-mhainneachtana dá ndéanfar difear, beidh siad comhréireach lena gcaillteanas de bhreis ar a ngealltanais chonarthacha. Leis na hionstraimí lena n-aithnítear éileamh ar bhrabúis an CPL amach anseo, beidh an sealbhóir i dteideal íocaíochtaí a fháil ón CPL ar bhonn bliantúil go dtí go ndéanfar an caillteanas a fhorchúiteamh, ina iomláine más féidir é, faoi réir líon uasta iomchuí blianta ó dháta na heisiúna. Má tá na comhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana tar éis na caillteanais bhreise a chur ar aghaidh chuig a gcliaint, beidh sé d’oibleagáid ar na comhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana na híocaíochtaí arna bhfáil ag an CPL a chur ar aghaidh chuig a gcliaint, a mhéid a eascraíonn as caillteanais atá á gcúiteamh bainteach le suíomhanna cliant. Déanfar sciar uasta iomchuí de bhrabúis bhliantúla an CPL a úsáid i leith íocaíochtaí a bhaineann leis na hionstraimí sin.