+Airteagal 21 1
|
Airteagal 21 1
1. Agus na huirlisí réitigh á gcur i bhfeidhm ag an údarás réitigh agus na cumhachtaí réitigh á bhfeidhmiú aige, beidh aird aige ar na cuspóirí réitigh uile seo a leanas, arb ionann tábhacht atá acu, agus coimeádfaidh sé ar mheá chothrom iad de réir mar is iomchuí ag féachaint do chineál agus do chúinsí gach cáis:
|
(a)
|
leanúnachas a áirithiú i dtaca le feidhmeanna criticiúla an CPL, go háirithe:
|
(i)
|
oibleagáidí an CPL i leith a chomhaltaí imréitigh agus, i gcás inarb infheidhme, a gcliant a shocrú go tráthúil;
|
|
(ii)
|
rochtain leanúnach a bheith ag comhaltaí imréitigh agus, i gcás inarb infheidhme, a gcliaint ar urrúis nó cuntais airgid thirim arna soláthar ag an CPL agus ar chomhthaobhacht i bhfoirm sócmhainní airgeadais atá i seilbh an CPL;
|
|
|
(b)
|
leanúnachas na nasc sin leis na BMAnna a áirithiú, ar naisc iad a n-imreofaí tionchar diúltach ábhartha, dá ndéanfaí iad a shuaitheadh, ar an gcobhsaíocht airgeadais san Aontas nó i gceann amháin nó níos mó dá Bhallstáit, nó ar chur i gcrích tráthúil feidhmeanna íocaíochtaí, imréitigh, socraíochta agus coinneála taifead;
|
|
(c)
|
díobháil shuntasach don chóras airgeadais san Aontas nó i gceann amháin nó níos mó dá chuid Ballstát a sheachaint, go háirithe trí éifeacht ghabhála anáis airgeadais idir comhaltaí imréitigh an CPL, a gcliaint nó an córas airgeadais foriomlán, lena n-áirítear BMAnna eile, a chosc nó a mhaolú agus trí smacht an mhargaidh agus muinín an phobail a choimeád; agus
|
|
(d)
|
cistí poiblí a chosaint trí spleáchas ar an tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách agus riosca ionchasach caillteanas do cháiníocóirí a íoslaghdú.
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|