4. Agus na caighdeáin theicniúla rialála arna bhforbairt i gcomhréir le hAirteagal 36(15) de Threoir 2014/59/AE á gcur san áireamh agus arna nglacadh de bhun Airteagal 36(16) de, déanfaidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun go sonrófar, chun críocha mhír 1 den Airteagal seo, an mhodheolaíocht a úsáidfear chun an maolán maidir le caillteanais bhreise atá le háireamh i luachálacha sealadacha a ríomh.
Déanfaidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 12 Feabhra 2022.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.