12. Ní chuirfear cosc ar an CPL idirlinne cearta ballraíochta CPL a fheidhmiú ná rochtain a fháil ar chórais íocaíochta agus socraíochta agus ar BMAnna agus ionaid trádála nasctha eile, ar choinníoll go gcomhlíonann sé na critéir le haghaidh ballraíochta agus rannpháirtíochta sna córais, sna BMAnna agus sna hionaid trádála sin.
D’ainneoin na chéad fhomhíre, ní dhiúltófar rochtain ar chórais íocaíochta agus socraíochta ná ar aon BMAnna agus ionaid trádála eile don CPL idirlinne ar an bhforas nach bhfuil rátáil chreidmheasa ó ghníomhaireacht rátála creidmheasa aige, nó go bhfuil an rátáil sin faoi bhun na leibhéal rátála a éilítear ionas go ndeonófar rochtain ar na córais nó ar na bonneagair nó na hionaid trádála sin.
I gcás nach gcomhlíonfaidh an CPL idirlinne na critéir dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh an CPL idirlinne leanúint de chearta ballraíochta an CPL a fheidhmiú agus rochtain a bheith aige ar na córais sin agus ar bhonneagair eile agus ionaid trádála ar feadh na tréimhse ama a shaineoidh an t-údarás réitigh. Ní bheidh an tréimhse sin níos faide ná 12 mhí.