|
+Airteagal 3 2. |
Airteagal 3 2.I ndáil le contrapháirtí airgeadais, aon cheann de na nithe seo a leanas a bheidh in idirbheart laistigh de ghrúpa:
(a)
conradh díorthach thar an gcuntar a dhéantar le contrapháirtí eile atá ina chuid den ghrúpa céanna, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
(i)
tá an contrapháirtí airgeadais bunaithe san Aontas nó, má tá sé bunaithe i dtríú tír, ní shainaithnítear an tríú tír sin faoi mhír 4 ná faoi na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 5;
(ii)
is contrapháirtí airgeadais, cuideachta sealbhaíochta airgeadais, institiúid airgeadais nó gnóthas seirbhísí coimhdeacha atá faoi réir ceanglais stuamachta iomchuí é an contrapháirtí eile;
(iii)
áirítear an dá chontrapháirtí sa chomhdhlúthú céanna ar bhonn iomlán; agus
(iv)
tá an dá contrapháirtí faoi réir nósanna imeachta iomchuí láraithe maidir le riosca a mheas, a thomhas agus a rialú;
(b)
conradh díorthach thar an gcuntar a dhéantar le contrapháirtí eile, i gcás inar cuid den scéim cosanta institiúideach chéanna an dá chontrapháirtí, dá dtagraítear in Airteagal 113(7) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ar choinníoll go gcomhlíontar an coinníoll a leagtar amach i bpointe (a)(ii) den mhír seo;
(c)
conradh díorthach thar an gcuntar a dhéantar idir institiúidí creidmheasa atá cleamhnaithe leis an gcomhlacht lárnach céanna nó idir institiúid creidmheasa den sórt sin agus an comhlacht lárnach, dá dtagraítear in Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
(d)
conradh díorthach thar an gcuntar a dhéantar le contrapháirtí neamhairgeadais atá mar chuid den ghrúpa céanna, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(i)
áirítear an dá chontrapháirtí sa chonradh díorthach sa chomhdhlúthú céanna ar bhonn iomlán agus tá siad faoi réir nósanna imeachta iomchuí láraithe maidir le riosca a mheas, a thomhas agus a rialú; agus
(ii)
tá an contrapháirtí neamhairgeadais bunaithe san Aontas nó, má tá sé bunaithe i dtríú tír, ní shainaithnítear an tríú tír sin faoi mhír 4 ná faoi na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 5. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|