+Airteagal 4 Oibleagáid imréitigh
---+Airteagal 4 1.
---+Airteagal 4 2.
---+Airteagal 4 3.
---+Airteagal 4 3a.
---+Airteagal 4 4.
---+Airteagal 4 5.
---+Airteagal 4 6.
|
Airteagal 4 Oibleagáid imréitigh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 4 1.
|
Déanfaidh contrapháirtithe na conarthaí díorthacha uile a bhaineann le haicme díorthach thar an gcuntar a dearbhaíodh a bheith faoi réir na hoibleagáide imréitigh a imréiteach i gcomhréir le hAirteagal 5(2), más rud é i dtaca leis na conarthaí sin go gcomhlíonann siad araon na coinníollacha seo a leanas:
(a)
gur tugadh i gcrích iad ar cheann de na slite seo a leanas:
▼M12
(i)
idir dhá chontrapháirtí airgeadais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach sa dara fomhír d'Airteagal 4a(1);
(ii)
idir contrapháirtí airgeadais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach sa dara fomhír d'Airteagal 4a(1) agus contrapháirtí neamhairgeadais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach sa dara fomhír d'Airteagal 10(1);
(iii)
idir dhá chontrapháirtí neamhairgeadais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach sa dara fomhír d'Airteagal 10(1);
(iv)
idir, ar thaobh amháin, contrapháirtí airgeadais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach sa dara fomhír d'Airteagal 4a(1) nó contrapháirtí neamhairgeadais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach sa dara fomhír d'Airteagal 10(1) agus, ar an taobh eile, eintiteas a bhunaítear i dtríú tír a bheadh faoi réir na hoibleagáide imréitigh dá mbunófaí an t-eintiteas sin san Aontas;
▼B
(v)
idir dhá eintiteas atá bunaithe i gceann amháin nó níos mó de thríú tíortha a bheadh faoi réir na hoibleagáide imréitigh dá mbeidís bunaithe san Aontas, ar choinníoll go mbeadh éifeacht dhíreach, shubstaintiúil agus intuartha ag an gconradh sin laistigh den Aontas, nó inar riachtanach nó inarb iomchuí oibleagáid den sórt sin chun cosc a chur le haon fhoráil den Rialachán seo a bheith á seachaint; agus
▼M12
(b)
déantar iad a dhéanamh nó a nuachan an dáta óna dtiocfaidh an oibleagáid imréitigh i bhfeidhm, nó tar éis an dáta sin, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh an dá chontrapháirtí na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) ar an dáta a ndéantar iad a dhéanamh nó a athnuachan.
Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid chun na conarthaí díorthach thar an gcuntar uile a imréiteach maidir le conarthaí a thugtar i gcrích sna cásanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a)(iv), idir, ar thaobh amháin, contrapháirtí airgeadais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4a(1), an dara fomhír, nó contrapháirtí neamhairgeadais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 10(1), an dara fomhír, agus, ar an taobh eile, socrú scéimeanna pinsin atá bunaithe i dtríú tír agus a fheidhmíonn ar bhonn náisiúnta, ar choinníoll go bhfuil sé údaraithe, maoirsithe agus aitheanta faoin dlí náisiúnta, agus i gcás inarb é is príomhchuspóir dó sochair scoir a sholáthar agus go bhfuil sé díolmhaithe ón oibleagáid imréitigh faoin dlí náisiúnta sin.
|
|
Airteagal 4 2.
|
Gan dochar do theicnící maolaithe riosca faoi Airteagal 11, conarthaí díorthacha thar an gcuntar ar idirbhearta laistigh de ghrúpa iad mar a thuairiscítear in Airteagal 3, ní bheidh siad faoi réir oibleagáide imréitigh. Maidir leis an díolúine atá leagtha amach sa chéad fhomhír, ní bheidh feidhm aige ach amháin:
(a)
sa chás go ndéanann dhá chontrapháirtí atá bunaithe san Aontas agus a bhaineann leis an ngrúpa céanna fógra i scríbhinn a thabhairt ar dtús dá gcuid údarás inniúil faoi seach go bhfuil sé ar intinn acu úsáid a bhaint as an díolúine do na conarthaí díorthacha thar an gcuntar atá tugtha i gcrích acu eatarthu féin. Déanfar an fógra tráth nach déanaí ná 30 lá féilire sula ndéanfar an díolúine a úsáid. Laistigh de 30 lá féilire tar éis do na húdaráis inniúla an fógra sin a fháil, féadfaidh siad agóid a dhéanamh in aghaidh úsáid na díolúine sin más rud é ngach ndéanann na hidirbhearta idir na contrapháirtithe na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 3 a chomhall, gan dochar do cheart na n-údarás inniúil agóid a dhéanamh tar éis don tréimhse 30 lá féilire seo a dhul in éag i gcás nach bhfuil na coinníollacha sin á gcomhall a thuilleadh. I gcás ina mbíonn easaontú idir na húdaráis inniúla, féadfaidh ÚEUM cabhrú leis na húdaráis sin teacht ar chomhaontú i gcomhréir lena chumhachtaí faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010;
(b)
maidir le conarthaí díorthacha thar an gcuntar idir dhá chontrapháirtí a bhaineann leis an ngrúpa céanna atá bunaithe i mBallstát agus i dtríú tír más rud é, laistigh de 30 lá féilire tar éis don chontrapháirtí atá bunaithe san Aontas fógra a thabhairt dó, go ndéanann údarás inniúil an chontrapháirtí atá bunaithe san Aontas an contrapháirtí a údarú an díolúine sin a chur i bhfeidhm, ar choinníoll go bhfuil na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 3 á gcomhall. Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra do ÚEUM faoin gcinneadh sin.
|
|
Airteagal 4 3.
|
Déanfar na conarthaí díorthacha atá faoi réir na hoibleagáide imréitigh de bhun mhír 1 a imréiteach i gcontrapháirtí lárnach a údarófar faoi Airteagal 14 nó a shainaithneofar faoi Airteagal 25 chun an aicme díorthach sin a imréiteach agus atá liostaithe sa chlár i gcomhréir le hAirteagal 6(2)(b). Chun na críche sin, déanfar comhalta imréitigh den chontrapháirtí, déanfar cliant de, nó bunóidh sé socruithe imréitigh indíreach le comhalta imréitigh, ar choinníoll nach ndéanann na socruithe sin an riosca contrapháirtí a mhéadú agus go ndéanann siad a áirithiú go dtairbhíonn sócmhainní agus suíomhanna an chontrapháirtí den chosaint a bhfuil éifeacht choibhéiseach aici léi seo dá dtagraítear in Airteagal 39 agus in Airteagal 48.
|
|
Airteagal 4 3a.
|
Cé nach mbeidh oibleagáid orthu conradh a dhéanamh, déanfaidh comhaltaí imréitigh agus cliaint a sholáthraíonn seirbhísí imréitigh, bíodh sin go díreach nó go hindíreach, na seirbhísí sin a chur ar fáil ar théarmaí tráchtála cothroma réasúnta neamh-idirdhealaitheacha trédhearcacha. Déanfaidh na comhaltaí imréitigh sin agus na cliaint sin gach beart is gá chun coinbhleachtaí leasa a shainaithint, a chosc, a bhainistiú agus a fhaire, go háirithe idir an t-aonad trádála agus an t-aonad imréitigh, ar coinbhleachtaí iad a dhéanfadh dochar do chur ar fáil seirbhísí imréitigh ar théarmaí cothroma réasúnta neamh-idirdhealaitheacha trédhearcacha. Déanfar na bearta sin freisin i gcás ina gcuirfidh eintitis dhlítheanacha éagsúla ón ngrúpa céanna seirbhísí trádála agus imréitigh ar fáil. Ceadófar do chomhaltaí imréitigh agus cliaint rialú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le seirbhísí imréitigh a chur ar fáil. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 82 chun cur leis an Rialachán seo trí na coinníollacha a shonrú dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo faoina meastar go bhfuil na téarmaí tráchtála cothrom, réasúnta, neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach, bunaithe ar an méid seo a leanas:
(a)
ceanglais chothroime agus trédhearcachta i ndáil le táillí, praghsanna, beartais lascaine agus téarmaí agus coinníollacha conarthacha ginearálta eile maidir leis an bpraghasliosta, gan dochar do rúndacht na socruithe conarthacha a dhéantar leis na contrapháirtithe aonair;
(b)
fachtóirí a chuimsítear le téarmaí tráchtála réasúnta chun socruithe conarthacha atá neamhchlaonta réasúnta a áirithiú;
(c)
ceanglais chun seirbhísí imréitigh a éascú ar bhonn cothrom agus neamh-idirdhealaitheach, ag féachaint do na costais agus na rioscaí gaolmhara, ionas go mbeidh aon difríochtaí sna táillí a ghearrtar i gcomhréir le rioscaí, costais agus sochair, agus
(d)
na critéir le haghaidh rialaithe riosca don chomhalta imréitigh nó don chliant a bhaineann leis na seirbhísí imréitigh a chuirtear ar fáil.
|
|
Airteagal 4 4.
|
Chun a áirithiú go ndéanfar an tAirteagal seo a chur chun feidhme ar mhodh comhleanúnach, déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar na conarthaí a meastar éifeacht dhíreach, shubstaintiúil agus intuartha a bheith acu laistigh den Aontas nó ina sonrófar na cásanna ina mbeadh sé riachtanach nó iomchuí cosc a chur le haon fhoráil den Rialachán seo amhail dá dtagraítear i mír 1(a)(v) a bheith á seachaint, agus ina sonrófar na cineálacha socruithe conarthacha indíreacha a dhéanann na coinníollacha dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 3 a chomhall. Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012. Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
|
Airteagal 4 5.
|
Ní bheidh feidhm ag mír 1 den Airteagal seo i ndáil le conarthaí díorthach thar an gcuntar a thabharfar i gcrích ag eintitis bannaí faoi chumhdach i dtaca le banna cumhdaithe, nó a chuirfear i gcrích ag eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin i dtaca le hurrúsú, de réir bhrí Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) (
13
) ar choinníoll:
(a)
i gcás eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin, nach n-eiseoidh an t-eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin ach urrúsuithe a chomhlíonann ceanglais Airteagal 18 agus Airteagal 19 go hAirteagal 22 nó Airteagal 23 go hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2017/2402 [An Rialachán Urrúsúcháin];
(b)
nach n-úsáidfear an conradh díorthach thar an gcuntar ach chun neamhréireanna ráta úis nó airgeadra a fhálú faoin mbanna faoi chumhdach nó urrúsú; agus
(c)
go maolóidh na socruithe faoin mbanna faoi chumhdach nó faoin urrúsú riosca creidmheasa contrapháirtí go leordhóthanach i ndáil leis na conarthaí díorthacha thar an gcuntar a thug an t-eintiteas banna faoi chumhdach nó an t-eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin i gcrích i dtaca leis an mbanna faoi chumhdach nó an t-urrúsú.
|
|
Airteagal 4 6.
|
Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, agus an riachtanas atá ann arbatráiste rialála a chosc á chur san áireamh, forbróidh na ÚEManna dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar critéir chun a chinneadh céard iad na socruithe faoi bhannaí faoi chumhdach nó urrúsuithe a mhaolaíonn go riosca creidmheasa contrapháirte go leordhóthanach, de réir bhrí mhír 5. Cuirfidh na ÚEManna na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiún faoin 18 Iúil 2018. Déantar an chumhacht a tharmligean don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 nó de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|