+Airteagal 6b 10.

Airteagal 6b 10.

Féadfaidh aon cheann de na húdaráis dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 iarraidh a eisiúint don Choimisiún síneadh a chur le fionraí na hoibleagáide imréitigh, in am trátha roimh dheireadh na tréimhse fionraí tosaigh dá dtagraítear i mír 5 nó na tréimhse sínte dá dtagraítear i mír 9.

Beidh fianaise ag gabháil leis an iarraidh go bhfuil na coinníollacha a leagtar síos i bpointí (a) agus (b) den chéad fhomhír de mhír 1 á gcomhlíonadh i gcónaí.

Tabharfaidh an t-údarás dá dtagraítear sa chéad fhomhír a iarraidh réasúnaithe do ESMA agus do BERS, an tráth céanna a thugtar an iarraidh don Choimisiún.

Ní dhéanfar an iarraidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a phoibliú.

Gan moill mhíchuí tar éis fógra faoin iarraidh a fháil, agus má mheasann sé gur gá sin, tar éis dul i gcomhairle le BERS, déanfaidh ESMA tuairim a eisiúint don Choimisiún maidir le cé acu atá nó nach bhfuil feidhm fós ag na forais is bonn leis an bhfionraí, agus an gá le bagairt thromchúiseach a sheachaint ar chobhsaíocht airgeadais nó ar fheidhmiú ordúil na margaí airgeadais san Aontas, nó le haghaidh a thabhairt ar an mbagairt sin, na cuspóirí réitigh a leagtar síos in Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2021/23, agus na critéir a leagtar amach i d’Airteagal 5(4) agus (5) den Rialachán seo á gcur san áireamh. Seolfaidh ESMA cóip den tuairim sin chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Ní dhéanfar an tuairim sin a phoibliú.

Féadfaidh an gníomh cur chun feidhme a chuireann síneadh le fionraí na hoibleagáide imréitigh síneadh a chur freisin le tréimhse fionraí na hoibleagáide trádála dá dtagraítear i mír 6.

Beidh an síneadh a chuirfear le fionraí na hoibleagáide trádála bailí ar feadh na tréimhse céanna leis an síneadh a chuirfear le fionraí na hoibleagáide imréitigh.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas