+Airteagal 17a Nós imeachta brostaithe le haghaidh údarú a thabhairt d’údarú a leathnú
---+Airteagal 17a 1.
---+Airteagal 17a 2.
---+Airteagal 17a 3.
---+Airteagal 17a 4.
---+Airteagal 17a 5.
|
Airteagal 17a Nós imeachta brostaithe le haghaidh údarú a thabhairt d’údarú a leathnú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 17a 1.
|
Beidh feidhm ag nós imeachta brostaithe le haghaidh údarú a thabhairt d’údarú a leathnú i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag CPL a ghnó a leathnú chuig seirbhísí nó gníomhaíochtaí breise dá dtagraítear in Airteagal 15 agus i gcás ina gcomhlíonann leathnú den sórt sin na coinníollacha uile seo a leanas:
(a)
ní bhíonn sé mar thoradh air sin gur gá don CPL a struchtúr oibríochtúil a oiriúnú go suntasach ag aon tráth le linn thimthriall an chonartha;
(b)
ní áirítear leis tairiscint chun conarthaí a imréiteach nach féidir a leachtú ar an mbealach céanna le conarthaí atá imréitithe cheana féin ag an CPL nó in éineacht leis na conarthaí sin;
(c)
ní bhíonn sé mar thoradh air sin gur gá don CPL sonraíochtaí ábhartha conartha nua a chur i gcuntas;
(d)
ní bhíonn sé mar thoradh air sin rioscaí ábhartha nua a thabhairt isteach ná go ndéantar próifíl riosca an CPL a mhéadú go suntasach;
(e)
ní áirítear leis sásra nó seirbhís nua socraíochta nó seachadta a thairiscint a bhaineann le naisc a bhunú le córas éagsúil socraíochta urrús, le taisclann lárnach urrús éagsúil nó córas íocaíochta éagsúil nár bhain an CPL úsáid astu roimhe sin.
|
|
Airteagal 17a 2.
|
CPL a dhéanann iarratas a thíolacadh ar an údarú atá aige cheana a leathnú chuig seirbhísí nó gníomhaíochtaí imréitigh breise de bhun an nós imeachta brostaithe a leagtar amach san Airteagal seo, léireoidh sé go bhfuil an leathnú atá beartaithe ar a ghnó chuig seirbhísí nó gníomhaíochtaí imréitigh breise incháilithe chun measúnú a dhéanamh air faoi nós imeachta den sórt sin. Déanfaidh an CPL a iarratas ar leathnú a thíolacadh i bhformáid leictreonach tríd an mbunachar sonraí lárnach agus soláthróidh sé an fhaisnéis uile, de bhun Airteagal 15(3) agus (4), atá riachtanach chun a léiriú go bhfuil na socruithe uile is gá bunaithe aige, tráth an údaraithe, chun na ceanglais ábhartha a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh. I gcomhréir le hAirteagal 17c, seolfar admháil tríd an mbunachar sonraí lárnach go bhfuarthas an t-iarratas, laistigh de 2 lá oibre ón iarratas sin a thíolacadh.
|
|
Airteagal 17a 3.
|
Laistigh de 15 lá oibre ó admháil go bhfuarthas iarratas de bhun mhír 2 den Airteagal seo, déanfaidh údarás inniúil an CPL, tar éis dó an t-ionchur ó ESMA agus ón gcoláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 a mheas, cinneadh i dtaobh an mhéid seo a leanas:
(a)
an bhfuil an t-iarratas incháilithe chun measúnú a dhéanamh air faoin nós imeachta brostaithe a leagtar amach san Airteagal seo; agus
(b)
i gcás ina bhfuil t-iarratas incháilithe le go ndéanfaí measúnú air faoin nós imeachta brostaithe a leagtar amach san Airteagal seo, i dtaobh an ndéanfar an méid seo a leanas:
(i)
an leathnú ar an údarú a dheonú i gcás ina gcomhlíonann an CPL an Rialachán seo; nó
(ii)
diúltú don leathnú ar an údarú i gcás nach gcomhlíonann an CPL an Rialachán seo.
I gcás ina ndéanann CPL iarratas ar údarú a leathnú de bhun Airteagal 15, féadfaidh údarás inniúil an CPL dul i muinín cuid den mheasúnú a rinneadh roimhe sin de bhun an Airteagail seo a mhéid nach n-athrófar an measúnú a rinneadh roimhe sin nó nach ndéanfar difear ar shlí eile don mheasúnú a rinneadh roimhe sin de thoradh an iarratais ar leathnú i gcás na coda sin. Dearbhóidh an CPL d’údarás inniúil an CPL nach bhfuil aon athrú ar fhíorais bhunúsacha na coda sin den mheasúnú. I gcás ina gcinneann an t-údarás inniúil nach bhfuil an leathnú ar údarú incháilithe chun measúnú a dhéanamh air faoin nós imeachta brostaithe, diúltófar d’iarratas an CPL. I gcás ina gcinneann an t-údarás inniúil gan an leathnú ar údarú a dheonú, diúltófar don leathnú ar an údarú.
|
|
Airteagal 17a 4.
|
Tabharfaidh údarás inniúil an CPL fógra i scríbhinn don CPL is iarratasóir, tríd an mbunachar sonraí lárnach, laistigh den tréimhse ama a luaitear i mír 3, faoina chinneadh faoin mír sin.
|
|
Airteagal 17a 5.
|
Forbróidh ESMA, i ndlúthchomhar le CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) go (e), den Airteagal seo a shonrú tuilleadh, agus chun sonrú a dhéanamh ar an nós imeachta chun dul i gcomhairle le ESMA agus leis an gcoláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo i dtaobh cé acu atá nó nach bhfuil na coinníollacha sin comhlíonta. Agus na coinníollacha de bhun na chéad fhomhíre á sonrú tuilleadh, socróidh ESMA an mhodheolaíocht atá le húsáid agus na paraiméadair atá le cur i bhfeidhm chun a chinneadh cathain a mheastar coinníoll a bheith comhlíonta. Déanfaidh ESMA freisin liostú agus sonrú i dtaobh an bhfuil gnáth-leathnú ar sheirbhísí agus ar ghníomhaíochtaí ann a d’fhéadfaí a mheas i bprionsabal go dtagann sé faoin nós imeachta brostaithe a leagtar amach san Airteagal seo. Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 25 Nollaig 2025. Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|