+Airteagal 17c An bunachar sonraí lárnach
---+Airteagal 17c 1.
---+Airteagal 17c 2.
---+Airteagal 17c 3.
---+Airteagal 17c 4.
---+Airteagal 17c 5.
---+Airteagal 17c 6.
---+Airteagal 17c 7.

Airteagal 17c An bunachar sonraí lárnach

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 17c 1.
Déanfaidh ESMA bunachar sonraí lárnach a bhunú agus a choinneáil ar bun lena dtugtar rochtain d’údarás inniúil an CPL agus do ESMA (“faighteoirí cláraithe”), agus do chomhaltaí an choláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 don CPL ábhartha i gcás ina gceanglaítear sin faoi airteagal ábhartha, ar na doiciméid uile atá cláraithe sa bhunachar sonraí don CPL, agus do na faighteoirí eile a shainaithnítear faoin Rialachán seo. Áiritheoidh ESMA go gcomhlíonfaidh an bunachar sonraí lárnach na feidhmeanna faoin Airteagal seo.

Fógróidh ESMA bunú an bhunachair sonraí lárnaigh ar a shuíomh gréasáin.

Airteagal 17c 2.
Déanfaidh CPL na hiarratais dá dtagraítear in Airteagal 14, Airteagal 15(1), an dara fomhír, Airteagal 49 agus Airteagal 49a a thíolacadh tríd an mbunachar sonraí lárnach. Seolfar admháil fála tríd an mbunachar sonraí lárnach laistigh de 2 lá oibre ón iarratas a thíolacadh.

Déanfaidh CPL na doiciméid uile a cheanglaítear air a sholáthar faoi na próisis údarúcháin dá dtagraítear in Airteagail 14 agus 15 nó faoi na próisis bhailíochtúcháin dá dtagraítear in Airteagail 49 agus 49a, de réir mar is infheidhme, a uaslódáil go pras ar an mbunachar sonraí lárnach. Déanfaidh na faighteoirí cláraithe na doiciméid uile a fhaigheann siad ón CPL i ndáil le hiarratas dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a uaslódáil go pras mura bhfuil na doiciméid sin uaslódáilte ag an CPL cheana féin.

Beidh rochtain ag CPL ar an mbunachar sonraí lárnach a mhéid a bhaineann leis na doiciméid a thíolaic sé chuig an mbunachar sonraí lárnach sin nó leis na doiciméid a tharchuireann aon cheann de na faighteoirí cláraithe nó an coláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 chuig an CPL tríd an mbunachar sonraí lárnach sin.

Airteagal 17c 3.
Déanfaidh an t-údarás inniúil a iarraidh ar thuairim dá dtagraítear in Airteagal 17b a thíolacadh tríd an mbunachar sonraí lárnach.
Airteagal 17c 4.
Déanfaidh an CPL ceisteanna a chuireann ESMA, údarás inniúil an CPL nó comhaltaí an choláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 faoina bhráid nó faisnéis a iarrann siad air le linn tréimhsí measúnúcháin faoi Airteagail 17, 17a, 17b, 49 agus 49a a thíolacadh agus a fhreagairt tríd an mbunachar sonraí lárnach.
Airteagal 17c 5.
Tabharfaidh údarás inniúil an CPL fógra don CPL lena mbaineann tríd an mbunachar sonraí lárnach i gcás ina ndearnadh cinneadh, tuarascáil nó beart eile, de réir mar is infheidhme, de bhun Airteagail 14, 15, 15a, 17, 17a, 17b, 20, 21, 30 go 33, 35, 37, 41, 49, 49a, 51 agus 54 agus faoi aon chinneadh a chinneann údarás inniúil an CPL go deonach a chomhroinnt leis an CPL tríd an mbunachar sonraí lárnach.
Airteagal 17c 6.
Beidh an bunachar sonraí lárnach ceaptha chun na faighteoirí cláraithe a chur ar an eolas go huathoibríoch nuair a dhéantar athruithe ar a inneachar, lena n-áirítear doiciméid a uaslódáiltear nó a scriostar, doiciméid a dhéantar a ionadú, ceisteanna a thíolactar agus iarrataí ar fhaisnéis.
Airteagal 17c 7.
Beidh rochtain ag comhaltaí an Choiste Maoirseachta do CPLanna ar an mbunachar sonraí lárnach chun a gcúraimí a chomhlíonadh de bhun Airteagal 24a(7). Féadfaidh an Cathaoirleach ar an gCoiste Maoirseachta do CPLanna rochtain ar chuid de na doiciméid a theorannú i gcás chomhaltaí an Choiste Maoirseachta do CPLanna dá dtagraítear in Airteagal 24a(2), pointe (c) agus pointe (d)(ii), i gcás ina bhfuil údar leis sin bunaithe ar údar imní rúndachta.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas