+Airteagal 19 Tuairim ón gColáiste
---+Airteagal 19 1.
---+Airteagal 19 1a.
---+Airteagal 19 2.
---+Airteagal 19 3.

Airteagal 19 Tuairim ón gColáiste

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 19 1.
I gcás ina gceanglaítear ar an gcoláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 tuairim a thabhairt de bhun an Rialacháin seo, tiocfaidh sé ar thuairim chomhpháirteach lena gcinntear cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an CPL na ceanglais uile a leagtar síos sa Rialachán seo.

Gan dochar d’Airteagal 17(4), an tríú fomhír, pointe (b), mura dtiocfar ar thuairim chomhpháirteach i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo, glacfaidh an coláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 tuairim thromlaigh laistigh den tréimhse chéanna.

Airteagal 19 1a.
I gcás ina dtabharfaidh an coláiste tuairim de bhun an Rialacháin seo, féadfar a áireamh sa tuairim sin, chomh maith le cinneadh faoi cibé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an CPL an Rialachán seo, roinnt moltaí atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar easnaimh i mbainistiú riosca an CPL agus ar chur lena theacht aniar, ach é sin a bheith iarrtha ag aon chomhalta de chuid an choláiste agus an tuairim a bheith glactha ag tromlach den choláiste i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo.

I gcás ina bhféadfaidh an coláiste tuairim a thabhairt uaidh, féadfaidh aon bhanc ceannais eisiúna, ar comhalta den choláiste é de bhun pointí (h) agus (i) d’Airteagal 18(2), moltaí a ghlacadh i ndáil leis an airgeadra a eisíonn sé.

Airteagal 19 2.
Déanfaidh ÚEUM glacadh na comhthuairime a éascú i gcomhréir lena fheidhm chomhordaithe ghinearálta faoi Airteagal 31 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 19 3.
Déanfar tuairim thromlaigh ón gcoláiste a ghlacadh trí thromlach simplí a chomhaltaí.

Maidir le coláistí ina bhfuil 12 chomhalta nó ina bhfuil suas le 12 chomhalta, beidh vóta ag beirt chomhaltaí, a thagann ón mBallstát céanna, ar a mhéad, agus is vóta amháin a bheidh ag gach comhalta vótála. Maidir le coláistí ina bhfuil níos mó ná 12 chomhalta, beidh vóta ag triúr comhaltaí, ar a mhéad, a thagann ón mBallstát céanna, agus is vóta amháin a bheidh ag gach comhalta vótála.

Má bhíonn BCE ina chomhalta den choláiste de bhun phointe (c) agus phointe (h) d’Airteagal 18(2), beidh dhá vóta aige.

Ní bheidh aon chearta vótála ag comhaltaí an choláiste dá dtagraítear i bpointe (a), pointe (ca) agus pointe (i) d’Airteagal 18(2) i leith thuairimí an choláiste.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas