+Airteagal 23b 1.

Airteagal 23b 1.

Bunóidh ESMA Sásra Faireacháin Comhpháirteach chun na cúraimí dá dtagraítear i mír 2 a fheidhmiú.

Beidh an Sásra Faireacháin Comhpháirteach comhdhéanta díobh seo a leanas:

(a) 

ionadaithe ó ESMA;

(b) 

ionadaithe ó ÚBE agus ó ÚEÁPC;

(c) 

ionadaithe ó BERS, BCE agus BCE faoi chuimsiú na gcúraimí a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa laistigh den sásra maoirseachta aonair a thugtar dó i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013; agus

(d) 

ionadaithe ó bhainc cheannais eisiúna na n-airgeadraí, cé is moite den euro, ina bhfuil na conarthaí díorthach dá dtagraítear in Airteagal 7a(6) ainmnithe.

Sa bhreis ar na heintitis dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo, féadfaidh bainc cheannais eisiúna na n-airgeadraí ina bhfuil na conarthaí díorthach dá dtagraítear in Airteagal 7a(6) ainmnithe, cé is moite díobh siúd a liostaítear i bpointe (d) den dara fomhír sin, na húdaráis inniúla náisiúnta a dhéanann maoirseacht ar an oibleagáid faoi Airteagal 7a, atá teoranta d’údarás inniúil amháin in aghaidh an Bhallstáit, agus an Coimisiún a bheith rannpháirteach freisin sa Sásra Faireacháin Comhpháirteach mar bhreathnóirí.

Déanfaidh ESMA bainistiú agus cathaoirleacht ar chruinnithe an tSásra Faireacháin Chomhpháirtigh. Féadfaidh Cathaoirleach an tSásra Faireacháin Chomhpháirtigh, arna iarraidh sin do chomhaltaí eile an tSásra Faireacháin Chomhpháirtigh nó ar thionscnamh an Chathaoirligh féin, a iarraidh ar údaráis eile a bheith rannpháirteach sna cruinnithe nuair is ábhartha do na hábhair atá le plé.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas