+Airteagal 25p Aitheantas a tharraingt siar
---+Airteagal 25p 1.
---+Airteagal 25p 2.
---+Airteagal 25p 3.
---+Airteagal 25p 4.

Airteagal 25p Aitheantas a tharraingt siar

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 25p 1.

Gan dochar d’Airteagal 25q, agus faoi réir na míreanna seo a leanas, agus tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis agus na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 25(3), tarraingeoidh ESMA siar cinneadh aitheantais arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 25 sna cásanna seo a leanas:

(a) 

i gcás nár úsáid an CPL lena mbaineann an t-aitheantas faoi cheann 6 mhí, inar thréig sé an t-aitheantas go sainráite nó inar scar sé de bheith i mbun gnó le níos mó ná 6 mhí anuas;

(b) 

i gcás ina bhfuair an CCP lena mbaineann aitheantas trí ráitis bhréagacha a dhéanamh nó trí aon mhodh neamhrialta eile;

▼M18

(c) 

i gcás inar sháraigh an CPL lena mbaineann go tromchúiseach agus go córasach aon cheann de na ceanglais is infheidhme a leagtar síos sa Rialachán seo nó nach gcomhlíonann sé a thuilleadh aon cheann de na coinníollacha maidir le haitheantas a leagtar síos in Airteagal 25 agus nach ndearna sé an ghníomhaíocht feabhais a iarrann ESMA laistigh de thréimhse ama a shocraítear go hiomchuí a mhairfidh suas le 1 bhliain ar a mhéad;

▼M14

(d) 

i gcás nach bhfuil ESMA in ann a fhreagrachtaí faoin Rialachán seo maidir leis an CPL lena mbaineann a fheidhmiú go héifeachtach, de bharr nár chuir údarás tríú tír an CPL an fhaisnéis uile is ábhartha ar fáil do ESMA ná nach ndeachaigh sé i gcomhar le ESMA i gcomhréir le hAirteagal 25(7);

(e) 

i gcás inar tarraingíodh siar nó inar cuireadh ar fionraí an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 25(6), nó nach gcomhlíontar a thuilleadh aon choinníollacha a bhaineann leis.

Féadfaidh ESMA tarraingt siar an aitheantais a theorannú ionas nach mbainfidh sé ach le seirbhís, gníomhaíocht, nó aicme ionstraimí airgeadais ar leith.

Agus dáta theacht i bhfeidhm an chinnidh an t-aitheantas a tharraingt siar á chinneadh aige, déanfaidh ESMA a dhícheall aon suaitheadh a d’fhéadfadh a bheith sa mhargadh a íoslaghdú agus déanfaidh sé foráil do thréimhse oiriúnaithe iomchuí nach mairfidh níos faide ná 2 bhliain.

Airteagal 25p 2.
Sula dtarraingeoidh sé siar an t-aitheantas i gcomhréir le mír 1, pointe (c), cuirfidh ESMA san áireamh an fhéidearthacht bearta a chur i bhfeidhm faoi Airteagal 25q(1), pointí (a), (b) agus (c).

Má chinneann ESMA nach ndearnadh gníomhaíocht feabhais laistigh den tréimhse ama a shocraítear i gcomhréir le mír 1, pointe (c), den Airteagal seo nó nach bhfuil an ghníomhaíocht a dhéantar iomchuí, agus tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 25(3), tarraingeoidh ESMA siar an cinneadh aitheantais.

Airteagal 25p 3.
Tabharfaidh ESMA fógra, gan moill mhíchuí, don údarás inniúil ábhartha tríú tír faoi chinneadh aitheantas CPL aitheanta a tharraingt siar.
Airteagal 25p 4.
Féadfaidh aon cheann de na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 25(3) a mheasfaidh gur comhlíonadh ceann de na cinntí dá dtagraítear i mír 1, iarraidh ar ESMA scrúdú a dhéanamh chun a dhéanamh amach ar comhlíonadh na coinníollacha maidir le haitheantas an CPL aitheanta a tharraingt siar nó maidir leis an aitheantas atá aige i dtaca le seirbhís, gníomhaíocht nó aicme ionstraimí airgeadais ar leith a tharraingt siar. I gcás ina gcinnfidh ESMA gan aitheantas an CPL lena mbaineann a tharraingt siar, tabharfaidh sé cúiseanna iomlána don údarás is iarrthóir.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas