+Airteagal 26 Forálacha Ginearálta
---+Airteagal 26 1.
---+Airteagal 26 2.
---+Airteagal 26 3.
---+Airteagal 26 4.
---+Airteagal 26 5.
---+Airteagal 26 7.
---+Airteagal 26 8.
---+Airteagal 26 9.

Airteagal 26 Forálacha Ginearálta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 26 1.
Beidh ag contrapháirtí lárnach socruithe daingne rialachais, lena n-áirítear struchtúr soiléir eagraíochtúil a mbeidh freagrachtaí dea-shainithe, trédhearcacha agus comhsheasmhacha ann, próisis éifeachtacha chun rioscaí a bhfuil sé neamhchosanta orthu nó a bhféadfadh sé a bheith neamhchosanta orthu a shainaithint, a bhainistiú, a thuairisciú agus faireachán a dhéanamh orthu, mar aon le sásraí leordhóthanacha um rialú inmheánach, lena n-áirítear nósanna imeachta fónta ó thaobh an riaracháin agus na cuntasaíochta.

Gan dochar do shocruithe idir-inoibritheachta faoi Theideal V ná do dhéanamh a bheartais infheistíochta i gcomhréir le hAirteagal 47, ní bheidh CPL ina chomhalta imréitigh ná ina chliant, ná ní thiocfaidh sé chun bheith ina chomhalta imréitigh ná ina chliant, ná ní bhunóidh sé socruithe indíreacha imréitigh le comhalta imréitigh agus é d’aidhm aige tabhairt faoi ghníomhaíochtaí imréitigh ag CPL.

Airteagal 26 2.
Glacfaidh contrapháirtithe lárnacha beartais agus nósanna imeachta atá éifeachtach a ndóthain chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú, lena n-áirítear forálacha uile an Rialacháin seo a bheith á gcomhlíonadh ag a bhainisteoirí agus a fhostaithe.
Airteagal 26 3.
Coinneoidh agus oibreoidh contrapháirtí lárnach struchtúr eagraíochtúil a áirithíonn leanúnachas agus feidhmiú ordúil i gcomhlíonadh a sheirbhísí agus a ghníomhaíochtaí. Bainfidh sé leas as córais, acmhainní agus nósanna imeachta atá iomchuí agus comhréireach, lena n-áirítear córais TFC arna mbainistiú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 21 ) .
Airteagal 26 4.
Déanfaidh contrapháirtí lárnach deighilt shoiléir a choimeád idir na freagrachtaí tuairiscithe do bhainistiú riosca agus na freagrachtaí a bhaineann le hoibríochtaí eile an chontrapháirtí lárnaigh.
Airteagal 26 5.
Déanfaidh contrapháirtí lárnach beartas luach saothair a ghlacadh, a chur chun feidhme agus a chothabháil, beartas lena gcuirfear bainistiú riosca fónta agus éifeachtach chun cinn agus nach gcruthóidh dreasachtaí chun caighdeáin riosca a mhaolú.
Airteagal 26 7.
Déanfaidh contrapháirtí lárnach a shocruithe rialachais, na rialacha lena rialaítear an contrapháirtí lárnach, agus a chritéir iontrála do chomhaltas imréitigh, a chur ar fáil don phobal saor in aisce.
Airteagal 26 8.
Beidh an CPL faoi réir iniúchtaí minice agus neamhspleácha. Cuirfear torthaí na n-iniúchtaí sin in iúl do bhord an CPL agus cuirfear ar fáil do ESMA agus d’údarás inniúil an CPL iad.
Airteagal 26 9.
D'fhonn cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh ÚEUM, tar éis dul i gcomhairle le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina leagtar síos an íosmhéid inneachair a bheidh sna rialacha agus socruithe rialachais dá dtagraítear i mír 1 go mír 8.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas