+Airteagal 72 Táillí maoirseachta
---+Airteagal 72 1.
---+Airteagal 72 2.
---+Airteagal 72 3.
|
Airteagal 72 Táillí maoirseachta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 72 1.
|
Gearrfaidh ÚEUM táillí ar na stórtha trádála i gcomhréir leis an Rialachán seo agus i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun mhír 3. Cumhdófar leis na táillí sin caiteachas iomlán riachtanach ÚEUM maidir le clárú agus maoirseacht stórtha trádála agus aisíoc aon chostas a d'fhéadfadh na húdaráis inniúla a thabhú agus iad i mbun oibre de bhun an Rialacháin seo, go háirithe mar thoradh ar aon tarmligean cúraimí i gcomhréir le hAirteagal 74.
|
|
Airteagal 72 2.
|
Cumhdóidh méid aon táille a ghearrfar ar stór trádála na costais riaracháin réasúnta go léir a thabhóidh ÚEUM i ndáil lena ghníomhaíochtaí clárúcháin agus gníomhaíochtaí maoirseachta ÚEUM agus beidh sé comhréireach le láimhdeachas an stóir trádála lena mbaineann agus leis an gcineál clárúcháin agus maoirseachta a chuirfidhÚEUM i bhfeidhm.
|
|
Airteagal 72 3.
|
Glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 82 chun cineál na dtáillí, na nithe a mbeidh na táillí dlite ina leith, méid na dtáillí agus an tslí a n-íocfar iad a shonrú tuilleadh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|