+Airteagal 75 Coibhéis agus comhaontuithe idirnáisiúnta
---+Airteagal 75 1.
---+Airteagal 75 2.
---+Airteagal 75 3.
---+Airteagal 75 4.
|
Airteagal 75 Coibhéis agus comhaontuithe idirnáisiúnta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 75 1.
|
Féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh, lena gcinntear go n-áirithítear an méid seo a leanas le socruithe dlíthiúla agus maoirseachta tríú tír:
(a)
go gcomhlíontar leis na stórtha trádála atá údaraithe sa tríú tír sin ceanglais atá ceangailteach ó thaobh dlí de agus atá coibhéiseach leis na ceanglais sin atá leagtha síos sa Rialachán seo;
(b)
go bhfuil na stórtha trádála faoi réir maoirseachta éifeachtaí agus forfheidhmithe ar bhonn leanúnach sa tríú tír sin; agus
(c)
go bhfuil ráthaíochtaí rúndachta gairmiúla ann, lena n-áirítear go ndéanfar rúin ghnó a chosaint, ar rúin iad a roinneann na húdaráis le tríú páirtithe, agus go mbeidh siad coibhéiseach ar a laghad leis na ráthaíochtaí sin a leagtar amach sa Rialachán seo.
Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 86(2).
|
|
Airteagal 75 2.
|
I gcás inarb iomchuí, agus tar éis gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh, cuirfidh an Coimisiún moltaí faoi bhráid na Comhairle maidir le comhaontuithe idirnáisiúnta a chaibidliú leis na tríú tíortha ábhartha faoi rochtain fhrithpháirteach ar chonarthaí díorthach atá á gcoinneáil i stórtha trádála atá bunaithe sa tríú tír sin, nó faisnéis a mhalartú fúthu, ar bhealach ina n-áirithítear go mbeidh rochtain láithreach agus leanúnach ag údaráis an Aontais, lena n-áirítear ÚEUM, ar an bhfaisnéis go léir atá riachtanach chun a ndualgais a fheidhmiú.
|
|
Airteagal 75 3.
|
Tar éis na comhaontuithe dá dtagraítear i mír 2 a thabhairt chun críche, agus i gcomhréir leis na comhaontuithe sin, bunóidh ÚEUM socruithe comhair le húdaráis inniúla iomchuí na tríú tíortha ábhartha. Sonrófar leis na socruithe sin an méid seo a leanas, ar a laghad:
(a)
an sásra i gcomhair malartú faisnéise idir ÚEUM agus aon údarás eile de chuid an Aontais a bhfuil freagrachtaí á bhfeidhmiú aige i gcomhréir leis an Rialachán seo de pháirt amháin agus le húdaráis inniúla na tríú tíortha lena mbaineann den pháirt eile; agus
(b)
na nósanna imeachta maidir le comhordú na ngníomhaíochtaí maoirseachta.
|
|
Airteagal 75 4.
|
Cuirfidh ÚEUM Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 maidir le sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tír i bhfeidhm.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|