|
+IARSCRÍBHINN IV Liosta de na comhéifeachtaí atá nasctha le himthosca géaraitheacha agus le himthosca maolaitheacha chun Airteagal 25j(3) a chur i bhfeidhm |
IARSCRÍBHINN IV Liosta de na comhéifeachtaí atá nasctha le himthosca géaraitheacha agus le himthosca maolaitheacha chun Airteagal 25j(3) a chur i bhfeidhm
IARSCRÍBHINN IV Liosta de na comhéifeachtaí atá nasctha le himthosca géaraitheacha agus le himthosca maolaitheacha chun Airteagal 25j(3) a chur i bhfeidhm Beidh na comhéifeachtaí seo a leanas infheidhme go carnach maidir leis na méideanna bunúsacha dá dtagraítear in Airteagal 25j(2):
I.
Comhéifeachtaí um choigeartú a bhaineann le himthosca géaraitheacha:
(a)
i gcás ina ndéantar an sárú arís agus arís eile, beidh feidhm ag comhéifeacht bhreise 1,1 i ndáil le gach uair a rinneadh an sárú athuair;
(b)
i gcás ina ndéantar an sárú ar feadh tréimhse is faide ná 6 mhí, beidh feidhm ag comhéifeacht 1,5 ;
(c)
i gcás ina léirítear an sárú laigí sistéamacha in eagar an CPL, go háirithe ina nósanna imeachta, ina chórais bhainistithe nó ina rialuithe inmheánacha, beidh feidhm ag comhéifeacht 2,2 ;
(d)
i gcás ina mbíonn tionchar diúltach ag an sárú ar cháilíocht ghníomhaíochtaí agus sheirbhísí an CPL, beidh feidhm ag comhéifeacht 1,5 ;
(e)
i gcás ina ndéantar an sárú d’aon ghnó, beidh feidhm ag comhéifeacht 2;
(f)
i gcás nach bhfuil aon ghníomhaíocht feabhais déanta ón am a ndearnadh an sárú a shainaithint, beidh feidhm ag comhéifeacht 1,7 ;
(g)
i gcás nach bhfuil bainistíocht shinsearach an eintitis tar éis comhoibriú le ESMA le linn do ESMA a chuid imscrúduithe a chur i gcrích, beidh feidhm ag comhéifeacht 1,5 .
II.
Comhéifeachtaí um choigeartú a bhaineann le fachtóirí maolaitheacha:
(a)
i gcás ina ndéantar an sárú ar feadh tréimhse is lú ná 10 lá oibre, beidh feidhm ag comhéifeacht 0,9 ;
(b)
i gcás ina bhfuil bainistíocht shinsearach an CPL in ann a léiriú go ndearna siad gach beart is gá chun an sárú a chosc, beidh feidhm ag comhéifeacht 0,7 ;
(c)
i gcás ina gcuireann an CPL an sárú in iúl do ESMA go pras, éifeachtach agus iomlán, beidh feidhm ag comhéifeacht 0,4 ;
(d)
i gcás ina ndéanann an CPL, dá dheoin féin, bearta chun a áirithiú nach féidir le sárú comhchosúil tarlú arís amach anseo, beidh feidhm ag comhéifeacht 0,6 . 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|