Airteagal 3a 3.
I gcás ina mbeidh níos mó ná idirghabhálaí amháin i slabhra idirghabhálaithe, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar iarraidh na cuideachta, nó iarraidh tríú páirtí arna ainmniú ag an gcuideachta, a tharchur idir idirghabhálaithe gan mhoill agus go ndéanfaidh an t-idirghabhálaí a bhfuil an fhaisnéis iarrtha ina sheilbh aige an fhaisnéis maidir le céannacht scairshealbhóirí a tharchur go díreach agus gan mhoill chuig an gcuideachta nó chuig tríú páirtí arna ainmniú ag an gcuideachta. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an chuideachta in ann faisnéis maidir le céannacht scairshealbhóirí a fháil ó aon idirghabhálaí sa slabhra a bhfuil an fhaisnéis ina sheilbh aige. Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go ligfear don chuideachta iarraidh ar an taisclann lárnach urrús nó ar idirghabhálaí nó soláthróir seirbhíse eile an fhaisnéis maidir le céannacht scairshealbhóirí a bhailiú, lena n-áirítear ó na hidirghabhálaithe i slabhra na n-idirghabhálaithe, agus an fhaisnéis a tharchur chuig an gcuideachta. Sa bhreis air sin, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go ndéanfaidh an t-idirghabhálaí, ar iarraidh ón gcuideachta nó ó thríú páirtí arna ainmniú ag an gcuideachta, na sonraí faoin gcéad idirghabhálaí eile i slabhra na n-idirghabhálaithe a chur in iúl gan mhoill don chuideachta.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|