+Airteagal 9b Faisnéis atá le soláthar sa tuarascáil luach saothair agus ceart chun vótáil ar an tuarascáil luach saothair
---+Airteagal 9b 1.
---+Airteagal 9b 2.
---+Airteagal 9b 3.
---+Airteagal 9b 4.
---+Airteagal 9b 5.
---+Airteagal 9b 6.
|
Airteagal 9b Faisnéis atá le soláthar sa tuarascáil luach saothair agus ceart chun vótáil ar an tuarascáil luach saothair
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 9b 1.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go dtarraingeoidh an chuideachta suas tuarascáil luach saothair atá soiléir sothuigthe, ina soláthrófar forléargas cuimsitheach ar an luach saothair, lena n-áirítear gach sochar i bhfoirm ar bith, a dámhadh nó a bhí le dámhachtain le linn na bliana airgeadais do stiúrthóirí aonair, lena n-áirítear do stiúrthóirí nua-earcaithe agus d’iarstiúrthóirí, de réir an bheartais luach saothair dá dtagraítear in Airteagal 9a. I gcás inarb infheidhme, áireofar an fhaisnéis seo a leanas sa tuarascáil luach saothair maidir le luach saothair gach stiúrthóra aonair:
(a)
an luach saothair iomlán agus é deighilte de réir comhpháirte, cion coibhneasta an luach saothair sheasta agus inathraithe, míniú ar an dóigh a bhfuiltear ag comhlíonadh an bheartais luach saothair glactha, lena n-áirítear conas a chuireann sé le feidhmíocht fhadtéarmach na cuideachta, agus faisnéis faoi conas a rinneadh na critéir feidhmíochta a chur i bhfeidhm;
(b)
an t-athrú a tháinig go bliantúil ar an luach saothair, éabhlóid fheidhmíocht na cuideachta agus mheánluach saothair na cuideachta ar bhonn coibhéiseach lánaimseartha i leith fhostaithe na cuideachta nach stiúrthóirí iad thar thréimhse ar a laghad na cúig bliana airgeadais is déanaí, a chuirfear i láthair ar dhóigh a fhágfaidh go bhféadfar comparáid a dhéanamh;
(c)
aon luach saothair ó aon ghnóthas a bhaineann leis an ngrúpa céanna mar a shainmhínítear i bpointe (11) d’Airteagal 2 de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
14
);
(d)
an líon scaireanna agus scair-roghanna a bheidh deonaithe nó tairgthe, agus na príomhdhálaí chun na cearta a fheidhmiú lena n-áirítear an praghas feidhmithe agus an dáta agus aon athrú air sin;
(e)
faisnéis faoin deis a úsáid chun an luach saothair inathraithe a aiséileamh;
(f)
faisnéis faoi aon imeacht ón nós imeachta maidir leis an mbeartas luach saothair a chur chun feidhme dá dtáirgítear in Airteagal 9a(6) agus faoi aon mhaolú a cuireadh i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 9a(4), lena n-áirítear an míniú ar chineál na n-imthosca eisceachtúla agus an léiriú ar na gnéithe ar leith ar maolaíodh orthu.
|
|
Airteagal 9b 2.
|
Áiritheoidh na Ballstáit nach n-áireoidh cuideachtaí sa tuarascáil luach saothair sainchatagóirí sonraí pearsanta maidir le stiúrthóirí aonair de réir bhrí Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
15
) nó sonraí pearsanta a thagraíonn do staid teaghlaigh stiúrthóirí aonair.
|
|
Airteagal 9b 3.
|
Déanfaidh cuideachtaí sonraí pearsanta na stiúrthóirí a áireofar sa tuarascáil luach saothair de bhun an Airteagail seo a phróiseáil chun cur le trédhearcacht chorparáideach maidir le luach saothair stiúrthóirí d’fhonn feabhas a chur ar chuntasacht na stiúrthóirí agus ar mhaoirseacht na scairshealbhóirí ar luach saothair na stiúrthóirí. Gan dochar d’aon tréimhse níos faide a leagtar síos le haon ghníomh reachtach earnáil-sonrach ón Aontas, áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfaidh cuideachtaí sonraí pearsanta na stiúrthóirí a áireofar sa tuarascáil luach saothair i gcomhréir leis an Airteagal seo a chur ar fáil go poiblí de bhun mhír 5 den Airteagal seo níos mó tar éis 10 mbliana ón tráth a fhoilseofar an tuarascáil luach saothair. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh le dlí chun sonraí pearsanta na stiúrthóirí a phróiseáil chun críocha eile.
|
|
Airteagal 9b 4.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an ceart ag an gcruinniú ginearálta bliantúil chun vóta comhairleach a reáchtáil ar thuarascáil luach saothair na bliana airgeadais is déanaí. Míneoidh an chuideachta sa chéad tuarascáil luach saothair eile conas atá an vóta ag an gcruinniú ginearálta curtha i gcuntas. Le haghaidh cuideachtaí beaga agus meánmhéide, áfach, mar a shainmhínítear, faoi seach, in Airteagal 3(2) agus in Airteagal (3) de Threoir 2013/34/AE, féadfaidh na Ballstáit, mar mhalairt ar an vóta, a fhoráil go bhfuil an tuarascáil luach saothair don bhliain airgeadais is déanaí le cur isteach lena plé ag an gcruinniú ginearálta bliantúil mar mhír ar leith ar an gclár oibre. Míneoidh an chuideachta sa tuarascáil luacha saothair dá éis sin conas a rinneadh an plé ag an gcruinniú ginearálta a chur i gcuntas.
|
|
Airteagal 9b 5.
|
Gan dochar d’Airteagal 5(4), tar éis an chruinnithe ghinearálta, déanfaidh na cuideachtaí an tuarascáil luach saothair a chur ar fáil go poiblí ar a suíomh gréasáin, saor in aisce, ar feadh tréimhse 10 mbliana, agus féadfaidh siad a roghnú í a choinneáil ar fáil ar feadh tréimhse is faide ná sin ar choinníoll nach mbeidh sonraí pearsanta na stiúrthóiri ann a thuilleadh. Déanfaidh an t-iniúchóir reachtach nó an gnólacht iniúchóireachta a sheiceáil go bhfuil an fhaisnéis a cheanglaítear leis an Airteagal seo soláthartha. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh freagracht chomhchoitinn ag stiúrthóirí na cuideachta, agus iad ag gníomhú faoina réim inniúlachta arna sannadh dóibh ag an dlí náisiúnta, chun a áirithiú go ndéanfar an tuarascáil luach saothair a tharraingt suas agus a fhoilsiú i gcomhréir le ceanglais na Treorach seo. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag a ndlithe, a rialacháin, agus a bhforálacha riaracháin maidir le dliteanas, ar a laghad i leith na cuideachta, maidir le stiúrthóirí na cuideachta i gcás sárú ar na dualgais dá dtagraítear sa mhír seo.
|
|
Airteagal 9b 6.
|
D’fhonn comhchuibhiú a áirithiú i ndáil leis an Airteagal seo, déanfaidh an Coimisiún treoirlínte a ghlacadh chun cur i láthair caighdeánaithe na faisnéise a leagtar síos i mír 1 a shonrú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|