|
+Airteagal 6a 1. |
Airteagal 6a 1.Aon scairshealbhóir nó comhalta de ghníomhaireacht rátála creidmheasa ag a bhfuil ar a laghad 5 % de chaipiteal nó de chearta vótála na gníomhaireachta rátála creidmheasa sin nó de chuid cuideachta ag a bhfuil an chumhacht rialú nó tionchar ceannasach a fheidhmiú ar an ngníomhaireacht rátála creidmheasa cláraithe beidh sé faoi thoirmeasc:
(a)
5 % nó níos mó de chaipiteal aon ghníomhaireachta rátála creidmheasa eile a bheith ina sheilbh aige;
(b)
an ceart nó an chumhacht a bheith aige níos mó ná 5 % de na cearta vótála a fheidhmiú in aon ghníomhaireacht rátála creidmheasa eile;
(c)
an ceart nó an chumhacht a bheith aige comhaltaí de bhord riaracháin nó maoirseachta aon ghníomhaireachta rátála creidmheasa eile a cheapadh ná a bhriseadh as a phost;
(d)
a bheith ina chomhalta de bhord riaracháin nó maoirseachta aon ghníomhaireachta rátála creidmheasa eile;
(e)
rialú nó tionchar ceannasach a fheidhmiú ar aon ghníomhaireacht rátála creidmheasa eile nó é a bheith de chumhacht aige an méid sin a fheidhmiú uirthi. Níl feidhm ag an toirmeasc dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír maidir le sealúchais i scéimeanna comhinfheistíochta éagsúlaithe, lena n-áirítear cistí bainistithe amhail cistí pinsin nó árachas saoil, ar choinníoll nach bhfágann na sealúchais i scéimeanna den sórt sin go bhfuil sé ar a chumas mórthionchar a fheidhmiú ar ghníomhaíochtaí gnó na scéimeanna sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|