+Airteagal 8 Modheolaíochtaí, samhlacha agus príomh-bhoinn tuisceana rátála
---+Airteagal 8 1.
---+Airteagal 8 2.
---+Airteagal 8 2a.
---+Airteagal 8 3.
---+Airteagal 8 4.
---+Airteagal 8 5.
---+Airteagal 8 5a.
---+Airteagal 8 6.
---+Airteagal 8 7.
|
Airteagal 8 Modheolaíochtaí, samhlacha agus príomh-bhoinn tuisceana rátála
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 8 1.
|
Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa na modheolaíochtaí, na samhlacha agus na príomh-bhoinn tuisceana rátála a mbaineann sí úsáid astu ina gníomhaíochtaí rátála creidmheasa faoi mar a shainmhínítear i bpointe 5 de Pháirt I de Roinn E d’Iarscríbhinn I a nochtadh don phobal.
|
|
Airteagal 8 2.
|
Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa bearta leormhaithe a ghlacadh, a chur chun feidhme agus a fhorghníomhú d’fhonn a áirithiú go bhfuil na rátálacha creidmheasa agus na tuartha rátála a eisíonn sí bunaithe ar anailís chríochnúil ar an bhfaisnéis ar fad atá ar fáil di agus atá ábhartha dá hanailís de réir na modheolaíochtaí rátála is infheidhme. Glacfaidh sí gach beart is gá d’fhonn a áirithiú gur de cháilíocht ard a dóthain agus gur as foinsí iontaofa í an fhaisnéis a úsáideann sí agus í ag sannadh rátálacha creidmheasa agus tuartha rátála. Déanfaidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa rátálacha creidmheasa agus tuartha rátála a eisiúint á rá gurb ionann an rátáil agus tuairim na gníomhaireachta agus nár cheart brath air ach amháin go feadh méid teoranta.
|
|
Airteagal 8 2a.
|
Déanfar athruithe ar rátálacha creidmheasa a eisiúint i gcomhréir leis na modheolaíochtaí rátála arna bhfoilsiú ag an ngníomhaireacht rátála creidmheasa.
|
|
Airteagal 8 3.
|
Úsáidfidh gníomhaireacht rátála creidmheasa modheolaíochtaí rátála atá docht, córasach agus leanúnach agus a bhíonn faoi réir ag bailíochtú bunaithe ar thaithí stairiúil, lena n-áirítear cúltástáil.
|
|
Airteagal 8 4.
|
Nuair atá gníomhaireacht rátála creidmheasa ag úsáid rátáil chreidmheasa reatha a d’ullmhaigh gníomhaireacht rátála creidmheasa eile i leith bunsócmhainní nó ionstraimí airgeadas struchtúraithe, ní dhiúltóidh sí rátáil chreidmheasa eintitis nó ionstraim airgeadais a eisiúint toisc rátáil a bheith déanta ar chuid den eintiteas nó den ionstraim airgeadais roimhe sin ag gníomhaireacht rátála creidmheasa eile.
Coinneoidh gníomhaireacht rátála creidmheasa taifead de na cásanna ar fad ina n-imíonn a próiseas rátála creidmheasa, a d’ullmhaigh gníomhaireacht rátála creidmheasa eile i leith bunsócmhainní nó ionstraimí airgeadas struchtúraithe ó na rátálacha creidmheasa reatha agus tabharfaidh sí údar maith don mheasúnú éagsúil sin.
|
|
Airteagal 8 5.
|
Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa faireachán ar rátálacha creidmheasa agus déanfaidh sí athbhreithniú ar a cuid rátálacha creidmheasa agus ar a cuid modheolaíochtaí féin ar bhonn leanúnach agus gach bliain ar a laghad, go háirithe sa chás go dtarlaíonn athruithe ábhartha a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar rátáil chreidmheasa. Cuirfidh gníomhaireacht rátála creidmheasa socruithe inmheánacha ar bun chun monatóireacht a dhéanamh ar an iarmhairt a bhíonn ag athruithe ar choinníollacha margaidh maicreacnamaíochta nó airgeadais ar rátálacha creidmheasa. ‘Déanfar rátálacha ceannasacha a athbhreithniú ar a laghad uair amháin gach sé mhí.
|
|
Airteagal 8 5a.
|
Aon ghníomhaireacht rátála creidmheasa a bhfuil sé beartaithe aige athrú ábhartha a dhéanamh nó modheolaíochtaí nua rátála, samhlacha rátála nó príomhbhoinn tuisceana rátála a úsáid a d’fhéadfadh tionchar a bheith acu ar rátáil chreidmheasa foilseoidh sí na hathruithe ábhartha atá beartaithe nó na modheolaíochtaí rátála nua atá beartaithe ar a láithreán gréasáin agus iarrfaidh sí ar gheallsealbhóirí barúlacha a chur faoina bráid go ceann tréimhse míosa, agus beidh ag gabháil leis sin míniú mionsonraithe ar na cúiseanna leis na hathruithe ábhartha nó na modheolaíochtaí rátála nua.
|
|
Airteagal 8 6.
|
Nuair a athraítear modheolaíochtaí rátála, samhlacha rátála nó príomhbhoinn tuisceana rátála a úsáidtear i ngníomhaíochtaí rátála creidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 14(3), déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa an méid seo a leanas:
▼B
(a)
raon feidhme dóchúlach na rátálacha creidmheasa a n-imreofar tionchar orthu a nochtadh láithreach, agus úsáid á bhaint as an modh cumarsáide céanna agus a bhí in úsáid chun na rátálacha creidmheasa a bhfuil tionchar á n-imirt orthu a scaipeadh;
▼M3
(aa)
ÚEUM a chur ar an eolas láithreach agus torthaí an chomhairliúcháin agus na modheolaíochtaí rátála nua a fhoilsiú ar a láithreán gréasáin i dteannta le míniú mionsonraithe ina leith agus a ndáta cur i bhfeidhm;
(ab)
na freagairtí ar an gcomhairliúchán dá dtagraítear i mír 5a a fhoilsiú láithreach ar a laithreán gréasáin ach amháin sna cásanna ina n-iarrann an freagróir an comhairliúchán a bheith rúnda;
▼B
(b)
athbhreithniú ar na rátálacha creidmheasa a bhfuil tionchar á n-imirt orthu chomh luath agus is féidir agus ag tráth nach déanaí ná sé mhí i ndiaidh an athraithe, agus súil á choinneáil ar na rátálacha sin idir an dá linn; agus
(c)
athrátáil ar na rátálacha creidmheasa ar fad a bhí bunaithe ar na modheolaíochtaí, samhlacha nó príomh-bhoinn tuisceana sin más rud é, tar éis an athbhreithnithe, go ndéanann éifeacht nasctha fhoriomlán na n-athruithe difear do na rátálacha creidmheasa sin.
|
|
Airteagal 8 7.
|
I gcás ina dtugann gníomhaireacht rátála creidmheasa faoi deara botúin ina modheolaíochtaí rátála nó i gcur chun feidhme na modheolaíochtaí, déanfaidh sí an méid seo a leanas láithreach:
(a)
na botúin sin a chur in iúl do ÚEUM agus do gach eintiteas rátáilte a ndéanann sé difear dó, agus míniú a thabhairt faoin tionchar ar a rátálacha lena n-áirítear an gá le hathbhreithniú a dhéanamh ar na rátálacha eisithe;
(b)
sa chás go n-imríonn botúin tionchar ar a rátálacha creidmheasa, na botúin sin a fhoilsiú ar a láithreán gréasáin;
(c)
na botúin sin a chur ina gceart sna modheolaíochtaí rátála; agus
(d)
na bearta dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) de mhír 6 a chur i bhfeidhm.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|