|
+Airteagal 5 5. |
Airteagal 5 5.Déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun na nósanna imeachta maidir leis an bhfeidhm formhaoirseachta agus saintréithe na eidhme formhaoirseachta lena n-áirítear a comhdhéanamh chomh maith lena suí laistigh de struchtúr eagraíochtúil an riarthóra a shonrú, ionas go n-áiritheofar sláine na feidhme agus nach mbeidh coinbhleachtaí leasa ann. Go háirithe, déanfaidh ÚEUM liosta neamh-uileghabhálach de shocruithe rialachais iomchuí mar a leagtar síos i mír 4 a fhorbairt. Déanfaidh ÚEUM idirdhealú idir na cineálacha éagsúla tagarmharcanna agus earnálacha mar a leagtar amach sa Rialachán seo agus cuirfidh sé san áireamh na difríochtaí i struchtúr úinéireachta agus rialaithe na riarthóirí, cineál, scála agus castacht sholáthar an tagarmhairc, agus riosca agus tionchar an tagarmhairc, i bhfianaise chóineasú idirnáisiúnta an chleachtais maoirseachta i ndáil le ceanglais rialachais tagarmharcanna freisin. ►M6 ————— ◄ Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Aibreán 2017. Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|