+Airteagal 10 Seachfhoinsiú
---+Airteagal 10 1.
---+Airteagal 10 2.
---+Airteagal 10 3.

Airteagal 10 Seachfhoinsiú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 10 1.
Ní dhéanfaidh riarthóir feidhmeanna a sheachfhoinsiú i soláthar tagarmhairc ar bhealach a dhéanfaidh díobháil ábhartha do rialú an riarthóra ar sholáthar an tagarmhairc ná do chumas an údaráis inniúil ábhartha maoirseacht a dhéanamh ar an tagarmharc.
Airteagal 10 2.
I gcás ina ndéanfaidh riarthóir feidhmeanna nó aon seirbhísí nó gníomhaíochtaí ábhartha a sheachfhoinsiú do sholáthraí seirbhíse agus tagarmharc á sholáthar, leanfaidh an riarthóir de bheith freagrach go hiomlán as oibleagáidí uile an riarthóra a chomhlíonadh faoin Rialachán seo.
Airteagal 10 3.

I gcás ina ndéanfar seachfhoinsiú, áiritheoidh an riarthóir go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

tá an cumas, acmhainneacht, agus aon údarú a theastaíonn de réir an dlí ag an soláthraí seirbhíse chun na feidhmeanna, seirbhísí nó gníomhaíochtaí seachfhoinsithe a chur i gcrích go hiontaofa agus go gairmiúil;

(b) 

cuireann an riarthóir ar fáil do na húdaráis inniúla ábhartha céannacht agus cúraimí an tsoláthraí seirbhíse a ghlacann páirt sa phróiseas faoina gcinntear tagarmharcanna;

(c) 

déanann an riarthóir gníomhaíocht iomchuí más dealraitheach nach bhféadfaidh sé go bhfuil feidhmeanna seachfhoinsithe á gcur i gcrích go héifeachtach ag an soláthraí seirbhíse agus i gcomhréir leis an dlí agus leis na ceanglais rialála is infheidhme;

(d) 

coimeádann an riarthóir an saineolas is gá chun maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar na feidhmeanna seachfhoinsithe agus chun na rioscaí a bhaineann leis an seachfhoinsiú a bhainistiú;

(e) 

nochtann an soláthraí seirbhíse aon fhorbairt don riarthóir a bhféadfadh tionchar ábhartha a bheith aige ar a chumas na feidhmeanna seachfhoinsithe a chur i gcrích go héifeachtach agus i gcomhréir leis na dlíthe agus ceanglais rialála is infheidhme;

(f) 

comhoibríonn an soláthraí seirbhíse leis an údarás inniúil ábhartha maidir leis na gníomhaíochtaí seachfhoinsithe, agus tá rochtain éifeachtach ag an riarthóir agus ag an údarás inniúil ábhartha ar shonraí a bhaineann leis na gníomhaíochtaí seachfhoinsithe, mar aon le háitreabh gnó an tsoláthraí seirbhíse, agus tá an t-údarás inniúil ábhartha in ann na cearta rochtana sin a fheidhmiú;

(g) 

tá an riarthóir in ann na socruithe seachfhoinsithe a fhoirceannadh i gcás inar gá sin;

(h) 

déanann an riarthóir bearta réasúnacha, lena n-áirítear pleananna teagmhasacha, chun riosca oibríochtúil míchuí a bhaineann le rannpháirtíocht an tsoláthraí seirbhíse sa phróiseas faoina gcinntear tagarmharcanna a sheachaint.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas