|
+Airteagal 16 5. |
Airteagal 16 5.Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na ceanglais a bhaineann le rialachas, córais agus rialuithe agus beartais a leagtar amach i mír 1, i mír 2 agus i mír 3 a shonrú tuilleadh. Cuirfidh ÚEUM saintréithe éagsúla tagarmharcanna agus rannchuiditheoirí faoi mhaoirseacht san áireamh, go háirithe ó thaobh difríochtaí sna sonraí ionchuir a chuirtear ar fáil agus sna modheolaíochtaí a úsáidtear, na rioscaí i ndáil le cúbláil a dhéanamh ar na sonraí ionchuir agus cineál na ngníomhaíochtaí a dhéanann na rannchuiditheoirí faoi mhaoirseacht, agus na forbairtí i dtagarmharcanna agus i margaí airgeadais i bhfianaise cóineasú idirnáisiúnta ar chleachtas maoirseachta i ndáil le tagarmharcanna. ►M6 ————— ◄ Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Aibreán 2017. Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|