|
+Airteagal 28a 5. |
Airteagal 28a 5.Ón 10 Eanáir 2028, déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 36 den Rialachán seo inrochtana ar ESAP. Chun na críche sin, is é a bheidh sa chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859 ná ESMA. Leis an bhfaisnéis sin, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:
(a)
déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859;
(b)
beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:
(i)
ainmneacha uile an riarthóra lena mbaineann an fhaisnéis;
(ii)
i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an riarthóra, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), den Rialachán sin;
(iii)
an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;
(iv)
léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san áireamh san fhaisnéis. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|