|
+Airteagal 32 5. |
Airteagal 32 5.Aon riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír agus a bhfuil sé beartaithe aige aitheantas dá dtagraítear i mír 2 a fháil, déanfaidh sé iarratas ar aitheantas le ÚEUM. Soláthróidh an riarthóir is iarratasóir an fhaisnéis uile is gá chun go bhféadfaidh ÚEUM a bheith deimhin de go bhfuil bunaithe aige, tráth an aitheantais, na socruithe uile is gá chun na ceanglais a leagtar síos i mír 2 a chomhlíonadh i ndáil le haon cheann dá thagarmharcanna atá suntasach de bhun Airteagal 24, ar tagarmharcanna AE iad atá ailínithe le Comhaontú Pháras nó tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE, nó ar tagarmharcanna tráchtearraí iad atá faoi réir Iarscríbhinn II. I gcás inarb infheidhme, tabharfaidh an riarthóir is iarratasóir le fios an t-údarás inniúil sa tríú tír atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh air. Laistigh de 15 lá oibre ón iarratas a fháil, déanfaidh ÚEUM measúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil an t-iarratas comhlánaithe ina iomláine agus tabharfaidh sé fógra don iarratasóir dá réir. I gcás ina bhfuil an t-iarratas neamhiomlán, iarrfaidh ÚEUM ar an iarratasóir an fhaisnéis atá in easnamh a chur isteach. Ar chur isteach na faisnéise arna hiarraidh ag an iarratasóir, déanfaidh ÚEUM athmheasúnú, laistigh de 15 lá oibre ón bhfaisnéis bhreise a fháil, cibé acu an bhfuil an t-iarratas comhlánaithe ina iomláine agus tabharfaidh sé fógra don iarratasóir dá réir. Laistigh de 90 lá oibre ón iarratas comhlánaithe a fháil, fíoróidh ÚEUM gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos i mír 2 agus i mír 3. I gcás ina measfaidh ÚEUM nach bhfuil na coinníollacha a leagtar síos i mír 2 agus i mír 3 comhlíonta, diúltóidh sé an iarraidh ar aitheantas agus leagfaidh sé amach na cúiseanna leis an diúltú sin. Thairis sin, ní dheonófar aon aitheantas mura rud é go gcomhlíontar na coinníollacha breise seo a leanas:
(a)
i gcás ina mbeidh riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír faoi réir maoirsiú, gurb ann do shocrú comhair iomchuí idir ÚEUM agus údarás inniúil an tríú tír ina bhfuil an riarthóir lonnaithe, i gcomhréir leis na caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun Airteagal 30(5), chun a áirithiú gurb ann do mhalartú éifeachtúil faisnéise a chuireann ar chumas údarás inniúil an tríú tír sin a chuid cúraimí a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo;
(b)
nach bhfuil cosc ar fheidhmiú éifeachtach fheidhmeanna maoirseachta ÚEUM faoin Rialachán seo le dlíthe, rialacháin nó forálacha riaracháin an tríú tír ina bhfuil an riarthóir lonnaithe nó, i gcás inarb infheidhme, le srianta ar chumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha údaráis inniúil an tríú tír sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|