+Airteagal 42 Smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin eile
---+Airteagal 42 1.
---+Airteagal 42 2.
---+Airteagal 42 3.
---+Airteagal 42 4.

Airteagal 42 Smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin eile

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 42 1.

Gan dochar do chumhachtaí maoirseachta na n‐údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 41, agus ceart na mBallstát foráil a dhéanamh do phionóis coiriúla agus iad a fhorchur, déanfaidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, a fhoráil go mbeidh an chumhacht ag na húdaráis inniúla chun pionóis riaracháin iomchuí agus bearta riaracháin eile a fhorchur i ndáil leis na sáruithe seo a leanas ar a laghad:

(a) 

aon sárú ar Airteagal 4, 5, 6, 7, 8, 9, 10, 11, 12, 13, 14, 15, 16, 19a,19b, 19c, 21, 23, 24, ►M6  24a, ◄ 25, 26, 27, 28, 29 nó 34 i gcás ina bhfuil feidhm acu; agus

(b) 

aon mhainneachtain comhoibriú le himscrúdú nó le cigireacht nó iarraidh a chumhdaítear le hAirteagal 41 nó imscrúdú, cigireacht nó iarraidh a chumhdaítear le hAirteagal 41 a chomhlíonadh.

Beidh na smachtbhannaí riaracháin agus na bearta riaracháin eile éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Airteagal 42 2.

I gcás sárú dá dtagraítear i mír 1, tabharfaidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, an chumhacht do na húdaráis inniúla chun na smachtbhannaí riaracháin agus na bearta riaracháin eile seo a leanas ar a laghad a fhorchur:

▼B

(a) 

ordú lena gceanglaítear ar an riarthóir nó eintiteas faoi mhaoirseacht atá freagrach as an sárú scor den iompraíocht atá i gceist agus gan gabháil don iompraíocht sin arís;

(b) 

aon bhrabús a fuarthas nó aon chaillteanas a seachnaíodh de thoradh an tsáraithe a fhorghéilleadh nuair is féidir iad sin a chinneadh;

(c) 

rabhadh poiblí ina luaitear an riarthóir nó an t-eintiteas faoi mhaoirseacht atá freagrach as an sárú agus an cineál sáraithe;

(d) 

údarú nó clárú riarthóra a tharraingt siar nó a fhionraí;

(e) 

toirmeasc sealadach ar aon duine nádúrtha a gheofar freagrach as sárú den sórt sin feidhmeanna bainistíochta riarthóra nó rannchuiditheora faoi mhaoirseacht a fheidhmiú;

(f) 

smachtbhannaí riaracháin airgid uasta de thrí oiread mhéid na mbrabús a gnóthaíodh nó na gcaillteanas a seachnaíodh mar gheall ar an sárú, ar a laghad, a fhorchur i gcás inar féidir na nithe sin a chinneadh;

(g) 

i leith duine nádúrtha, smachtbhannaí riaracháin airgid uasta den mhéid seo a leanas ar a laghad:

(i) 

i gcás sáruithe ar Airteagail 4, 5, 6, 7, 8, 9, 10, ar phointí (a), (b), (c) agus (e) d'Airteagal 11(1), ar Airteagal 11(2) agus (3), agus ar Airteagail 12, 13, 14, 15, 16, 21, 23, 24, ►M6  24a, ◄ 25, 26, 27, 28, 29 agus 34, EUR 500 000 nó sna Ballstáit sin nach é an euro an t-airgeadra oifigiúil iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 30 Meitheamh 2016; nó

(ii) 

i gcás sáruithe ar phointe (d) d'Airteagal 11(1) nó ar Airteagal 11(4), EUR 100 000 nó sna Ballstáit sin nach é an euro an t-airgeadra oifigiúil iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 30 Meitheamh 2016;

(h) 

i leith duine dlítheanach, smachtbhannaí riaracháin airgid uasta den mhéid seo a leanas ar a laghad:

(i) 

i gcás sáruithe ar Airteagail 4, 5, 6, 7, 8, 9, 10, ar phointí (a), (b), (c) agus (e) d'Airteagal 11(1), ar Airteagal 11(2) agus (3), agus ar Airteagail 12, 13, 14, 15, 16, 21, 23, 24, ►M6  24a, ◄ 25, 26, 27, 28, 29 agus 34, EUR 1 000 000 nó, sna Ballstáit sin nach é an euro an t-airgeadra oifigiúil iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 30 Meitheamh 2016, nó 10 % dá láimhdeachas bliantúil iomlán de réir na gcuntas is déanaí atá ar fáil agus formheasta ag an gcomhlacht bainistíochta, cibé acu is airde; nó

(ii) 

i gcás sáruithe ar phointe (d) d'Airteagal 11(1) nó ar Airteagal 11(4), EUR 250 000 nó, sna Ballstáit sin nach é an euro an t-airgeadra oifigiúil iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 30 Meitheamh 2016, nó 2 % dá láimhdeachas bliantúil iomlán de réir na gcuntas is déanaí atá ar fáil agus atá formheasta ag an gcomhlacht bainistíochta, cibé acu is airde.

Chun críocha phointe (h)(i) agus (ii), más máthairghnóthas nó fochuideachta de mháthairghnóthas nach mór cuntais airgeadais chomhdhlúite a ullmhú i gcomhréir le Treoir 2013/45/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 17 ) an duine dlítheanach, is é a bheidh sa láimhdeachas bliantúil iomlán ábhartha an láimhdeachas bliantúil iomlán nó an cineál ioncaim comhfhreagrach i gcomhréir le Treoir 86/635/CE ón gComhairle ( 18 ) i gcás banc agus i gcomhréir le Treoir 91/674/CE ón gComhairle ( 19 ) i gcás comhlachtaí árachais de réir na gcuntas comhdhlúite is déanaí atá ar fáil agus atá formheasta ag comhlacht bainistíochta an mháthairghnóthais dheiridh ná más comhlachas an duine, 10 % de láimhdeachais chomhiomlána a gcuid ball.

Airteagal 42 3.
Faoin 1 Eanáir 2018, tabharfaidh na Ballstáit fógra i dtaobh na rialacha maidir le mír 1 agus mír 2 don Choimisiún agus d'ÚEUM.

Féadfaidh Ballstáit a chinneadh gan rialacha a leagan síos maidir le smachtbhannaí riaracháin amhail dá bhforáiltear i mír 1 i gcás ina bhfuil na sáruithe dá dtagraítear sa mhír sin faoi réir smachtbhannaí coiriúla faoina ndlí náisiúnta. Sa chás sin, déanfaidh na Ballstáit na forálacha ábhartha sa dlí coiriúil a chur in iúl don Choimisiún agus d'ÚEUM in éineacht leis an bhfógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.

Tabharfaidh siad fógra gan mhoill don Choimisiún agus d'ÚEUM faoi aon leasú a dhéanfar ina dhiaidh sin orthu.

Airteagal 42 4.
Féadfaidh na Ballstáit cumhachtaí eile a thabhairt d'údaráis inniúla faoin dlí náisiúnta smachtbhannaí a fhorchur de bhreis ar na cinn sin dá dtagraítear i mír 1 agus féadfaidh siad foráil a dhéanamh do leibhéil níos airde smachtbhannaí ná mar atá bunaithe i mír 2.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas