+Airteagal 43 Cumhachtaí maoirseachta a fheidhmiú agus smachtbhannaí a fhorchur
---+Airteagal 43 1.
---+Airteagal 43 2.

Airteagal 43 Cumhachtaí maoirseachta a fheidhmiú agus smachtbhannaí a fhorchur

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 43 1.

Áiritheoidh na Ballstáit, agus cineál agus leibhéal na smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin eile á gcinneadh acu, go gcuirfidh na húdaráis inniúla arna n-ainmniú acui gcomhréir le hAirteagal 40(2) san áireamh na cúinsí ábhartha uile, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, iad seo leanas:

▼B

(a) 

a thromchúisí atá an sárú agus fad an tsáraithe;

(b) 

a chriticiúla atá an tagarmharc don chobhsaíocht airgeadais agus don fhíorgheilleagar;

(c) 

leibhéal freagrachta an duine atá freagrach;

(d) 

neart airgeadais an duine atá freagrach, arna léiriú, go háirithe, le láimhdeachas bliantúil iomlán an duine dhlítheanaigh fhreagraigh nó le hioncam bliantúil an duine nádúrtha fhreagraigh;

(e) 

leibhéal an bhrabúis a ghnóthaigh nó leibhéal an chaillteanais a sheachain an duine atá freagrach, a mhéid is féidir iad a chinneadh;

(f) 

leibhéal comhair an duine atá freagrach leis an údarás inniúil, gan dochar don ghá atá le forghéilleadh na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin, nó le forghéilleadh na gcaillteanas a sheachain an duine sin, a áirithiú;

(g) 

sáruithe a bhí déanta cheana ag an duine lena mbaineann;

(h) 

bearta déanta, tar éis an tsáraithe, ag duine freagrach ionas nach dtarlódh an sárú arís.

Airteagal 43 2.
Agus a gcuid cumhachtaí á bhfeidhmiú acu smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin eile a fhorchur faoi Airteagal 42, gníomhóidh údaráis inniúla i ndlúthchomhar le chéile chun a áirithiú gurb iad na torthaí is inmhianaithe leis an Rialachán seo a bhaintear amach leis na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaithe agus leis na smachtbhannaí riaracháin agus leis na bearta riaracháin eile. Déanfaidh siad comhardú ar a ngníomhaíocht freisin chun dúbláil agus forluí a d'fhéadfadh a bheith ann a sheachaint, agus cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaithe mar aon le smachtbhannaí riaracháin, lena n-áirítear smachtbhannaí airgid, agus bearta riaracháin eile á gcur i bhfeidhm acu ar chásanna trasteorann.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas