10. Gan dochar d’Airteagail 7 agus 44 de Threoir 2014/65/EU agus d’Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, diúltóidh an t-údarás inniúil cead sonrach chun TSS DLT a oibriú a dheonú má tá forais ann chun an méid seo a leanas a chreidiúint:
|
(a)
|
gur ann do rioscaí suntasacha do chosaint infheisteoirí, do shláine an mhargaidh nó do chobhsaíocht airgeadais nach bhfuil aghaidh tugtha ag an iarratasóir orthu ná maolaithe mar is ceart aige;
|
|
(b)
|
go bhfuil cead sonrach chun TSS DLT a oibriú agus na díolúintí iarrtha á lorg chun dul timpeall ar cheanglais dhlíthiúla nó rialála; nó
|
|
(c)
|
nach mbeidh oibreoir TSS DLT in ann na forálacha is infheidhme de dhlí an Aontais nó le forálacha den dlí náisiúnta nach dtagann faoi raon feidhme Dhlí an Aontais a chomhlíonadh nó nach lamhálfaidh sé dá úsáideoirí na forálacha sin a chomhlíonadh.
|