Maidir le nósanna imeachta ADR atá leormhaith, neamhspleách, neamhchlaonta, trédhearcach agus éifeachtach chun díospóidí idir custaiméirí TPPU agus soláthraithe TPPUnna nó dáileoirí TPPUnna maidir le cearta agus oibleagáidí a thagann chun cinn faoin Rialachán seo a réiteach, bunófar iad i gcomhréir le Treoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
5
), agus leas á bhaint as comhlachtaí inniúla atá ann cheana i gcás inarb iomchuí. Beidh na nósanna imeachta ADR sin infheidhme, agus leathnóidh inniúlacht an chomhlachta ábhartha ADR amach go héifeachtach, maidir leis na soláthraithe TPPUnna nó na dáileoirí TPPUnna a ndéanfar na nósanna imeachta a thionscnamh ina gcoinne.